An difríocht idir athruithe ar: "Constáblacht Ríoga na hÉireann"
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: fr:Police royale irlandaise |
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
||
Líne 4:
[[Caitliceachas|Caitlicigh]] ab ea iad formhór mór na gconstáblaí, ach ní raibh siad chomh coitianta sin i measc an lucht ceannais. Bhí córas póilíníochta na Constáblachta Ríoga ina mhúnla do [[Póilíní Capall Iarthuaisceart Cheanada|Phóilíní Capall Iarthuaisceart Cheanada]], nuair a bhí rialtas cónaidhme Cheanada ag iarraidh an bealach ab fhearr a oibriú amach leis an dlí a choinneáil i bhfeidhm sna [[Críocha Thiar Thuaidh Cheanada|Críocha Thiar Thuaidh]].
== Stair na Póilíníochta in Éirinn ==
Tháinig an chéad fhórsa póilíní ar an bhfód in Éirinn, nuair a reachtaíodh [[an tAcht um Choimeád na Síochána]] sa bhliain [[1814]]. Bunaíodh an Chonstáblacht féin sa bhliain [[1822]], nuair a reachtaíodh [[an tAcht um Chonstáblacht na hÉireann]]. Ceann de na chéad dualgaisí dár thit ar a crann ab ea é na [[Deachú|deachúna]] a ghearradh de na Caitlicigh le lámh láidir le linn [[Cogadh na nDeachún|Chogadh na nDeachún]]. D'fhoráil an tAcht gur cuireadh fórsa póilíní ar bun i ngach [[barónacht]], agus na hardchonstáblaí is na cigirí ginearálta faoi cheannas an riaracháin shibhialta i g[[Caisleán Bhaile Átha Cliath]]. Sa bhliain 1841, bhí níos mó ná ocht míle sé chéad fear ag obair ina gconstáblaí. San am sin, bhí inneall nua curtha ar an bhfórsa le hacht a reachtaíodh sa bhliain 1836, agus heisíodh na chéad rialacha don Chonstáblacht da bhliain 1837. Bhí na constáblaí á gcoinneáil faoi dhiansmacht, agus ní raibh an phá thar moladh beirte. Chaithfeadh siad troid a chur ar na scológa bochta faoin tuath, nó bhí na bochtáin ag dul i [[rúnchumann|rúnchumainn]] ar nós na [[Ribínigh|Ribíneach]], a d'ionsaíodh na tiarnaí talún agus a maoin shaolta.
Líne 18:
Nuair a thosaigh na náisiúnaithe Éireannacha ag éileamh [[Rialtas Dúchais]] sna blianta roimh an [[Chéad Chogadh Domhanda]], fuair na "saighdiúirí dubha" féin tuilleadh oibre le déanamh. Bhí an tsochaí á streachailt ag teannas láidir nuair a bhí an tríú [[Bille um Rialtas Dúchais]] á rith ag [[Pairlimint Westminster]], sa bhliain [[1912]]. Bhunaigh lucht cáinte an Bhille [[Óglaigh Uladh]] ([[UVF]]) i Mí Eanáir [[1913]], agus iad siúd a bhí ar son an Rialtas Dúchais, chuir siadsan bun le h[[Óglaigh na hÉireann]]. Bhí níos mó ná 250,000 Óglach den dá chineál ann, agus cuma an airm phríobháidigh ar an dá fhórsa. B'iad na náisiúnaithe ba mhó a bhí á gciapadh ag an gConstáblacht, ach fágadh cead a gcinn is a gcos ag Óglaigh Uladh, an chuid ba mhó den am. Bunaíodh [[Sinn Féin]] sa bhliain 1905. Chuaigh an saol polaitiúil chun fíochmhaireachta, agus sa deireadh thiar thall, chuaigh na hÉireannaigh chun [[Cogadh na Saoirse (Éire)|cogaidh]] lena dtír a shaoradh.
== Le linn Chogadh na Saoirse ==
Nuair a ghnóthaigh Sinn Féin [[olltoghchán na bliana 1918]], chuir na Feisirí Náisiúnaíocha pairlimint neamhspleách, [[Dáil Éireann]], ar bun. B'ansin a thosaigh an treallchogadh in Éirinn. Rinne [[Óglaigh na hÉireann]] ionsaí i ndiaidh a chéile ar fhórsaí na Corónach de réir na n-orduithe a fuair siad ó [[Mícheál Ó Coileáin|Mhícheál Ó Coileáin]], agus ó b'iad na constáblaí an chéad líne chosanta a bhí ag an gCoróin, b'iad an dream ba mhó a bhí thíos le hionsaithe na nÓglach. Ó Fhómhar na bliana 1919 ar aghaidh, b'éigean dóibh na beairicí in áiteanna iargúlta a thréigean. San am céanna, chuir na hÓglaigh baghcat in aghaidh na Constáblachta i bhfeidhm, agus tháinig córas cúirteanna agus póilíníochta de chuid Shinn Féin in úsáid i measc na ndaoine. Bhítí ag bagairt an mhíle murdar ar na constáblaí, agus is iomaí duine acu a feallmharaíodh i ndáiríre. Ba chuid é seo de straitéis mheabhrach a bhí ag na hÓglaigh greim láimhe na Corónach a scaoileadh de na ceantair thuaithe. De réir ráiteas an [[Tiarna Curzon]], Aire Cúrsaí Eachtracha na Ríochta Aontaithe, bhí 117 constáblaí maraithe agus 185 gonta ag na hÓglaigh roimh Mhí Dheireadh Fómhair na bliana [[1920]]. Ar feadh trí míosa sa bhliain chéanna, d'éirigh sé chéad duine as an gconstáblacht, agus ní raibh ach naoi míle go leith acu ann i dtús na ceannairce féin.
Le fortacht a thabhairt don Chonstáblacht, agus í ag titim as a chéile le teann lagmhisnigh, d'fhruiligh [[Rialtas na Breataine]] fórsaí breise as measc iarshaighdiúirí Sasanacha agus Albanacha a bhí go díreach tar éis teacht abhaile ón Chéad Chogadh Domhanda. Cuireadh na hearcaigh seo go hÉirinn sa bhliain [[1920]]. B'iadsan na [[Dúchrónaigh]] agus na [[Póilíní
I Mí na Nollag [[1920]], rinne [[Acht Rialtais Éireann|an tAcht um Rialtas na hÉireann]] críochdheighilt ar an tír, agus i Mí Iúil [[1920]], tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm. I rith dhá bhliain, bhí 418 ball den Chonstáblacht maraithe. In Eanáir na bliana 1922, cuireadh deireadh le Constáblacht Ríoga na hÉireann, agus tháinig an [[Garda Síochána]] i gcomharbas uirthi sa [[Saorstát Éireann|Saorstát]]. B'í [[Constáblacht Ríoga Uladh]] a ghlac uirthi féin na dualgaisí céanna i d[[Tuaisceart Éireann]].
Líne 31:
* [http://www.psni.police.uk/index/pg_police_museum/pg_the_royal_irish_constabulary.htm Eolas ar shuíomh an PSNI]
[[
[[de:Royal Irish Constabulary]]
|