An difríocht idir athruithe ar: "Antaibheathach"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 7:
 
Thosaigh ceimiteiripe na n-antaibheathach sintéiseacha mar eolaíocht agus forbairt na n-antaibheathach go ginearálta sa Ghearmáin le [[Paul Erhlich]], eolaí leighis as an nGearmáin san 1880dí déanacha. Cortha cinniúna i bhforbairt na n-antaibheathach ba ea an iarracht a rinneadh le tuiscint a fháil ar an eolaíocht ba bhun leis na galair, chomh maith le forbairt na ceimiteirpe antaibheathaí sintéisí, is aonrú na n-antaibheathach féin. Tugadh antabóis orthu ar dtús, ba dhrugaí iad a ghníomhaigh i gcoinne na mbaictéar. Ba é an baictéar-eolaí Francach [[Vuillemin]] a spreag úsáid an téarma seo: antabóis, a chiallaíonn 'i gcoinne na beatha', de bharr go ndearna seo cur síos ar fheiniméan marfach na ndrugaí seo. Rinneadh an chéad chur síos ar antabóis i mbaictéar sa bhliain 1877 nuair a d'aithin Louis Pasteur agus [[Robert Koch]] go bhféadfadh bachaillín aeriompartha fás an Bhachaillín ''Bacillus anthracis'' a chosc. Rineadh na drugaí seo a athainmniú mar antaibheathaigh ag Selman Waksman, micreabhitheolaí Meiriceánach sa bhliain 1942.
Rinneadh cur síos ar fhreasaitheacht Penicillium spp. den chéad uair i Sasana ag [[John Tyndall]] sa bhliain 1875. Níor tuigeadh an tábhacht a bhain le fionnachtain na n-antaibheathach go dtí saothar Ehrlich ar cheimiteirpe antaibheathach sintéiseach, a bhí ina thús de réabhlóid na n-antaibheathach. Thug Erlich faoi deara go nascfadh roinnt [[ruaimeanna]] le cealla daonna, cealla ainmhithe, nó le cealla baictéire is go bhfágfaí a ndathanna orthu ach nach ndéanfadh roinn eile fós amhlaidh. Thóg sé ar an smaoineamh seo go m'fhéidir go mbeadh sé indéanta ruaimeanna nó ceimiceáin áirithe a dhéanamh a d'oibreodh mar ''philéar draíochta'' nó mar dhruga roghnach a nascfadh le agus a mharódh baictéir gan an t-óstach, sé sin an duine a ghortú. Tar éis an-chuid turgnamh is triaileacha, inar baineadh triail as na céadta ruaimeanna éagsúla, tháinig sé ar dhruga a bhí úsáideach ó thaobh an leighis de, an t-antaibheathach saorga [[Salvarsan]].
 
 
 
 
Sa bhliain [[1928]] thug Fleming rud éigin tábhachtach faoi deara ó thaobh antaibithóis phenicilin. Thuairimigh Fleming go raibh an éifeacht faoi stiúr chumaisc éigin frithbheathach nár thangthas air fós ach a bhféadfaí úsáid a bhaint as.
 
== Dinimicí Cógasaíocha Frithmhícróbach ==