An difríocht idir athruithe ar: "Gaeilge na Mumhan"

Content deleted Content added
+be-x-old
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
[[Íomhá:Gaeltacht.svg|deas|200px|thumb|An Ghaeilge i gCúige Mumhan.]]
Is í '''Gaeilge na Mumhan''' canúint dheisceartach na [[Gaeilge]]. Labhraítear canúintí den chineál seo i g[[Ciarraí]] (go háirithe i n[[Gaeltacht]] [[Corca Dhuibhne|Chorca Dhuibhne]]), i g[[Cúil Aodha]], in [[Oileán Chléire]] agus i [[An Rinn (Contae Phort Láirge)|nGaeltacht na Rinne]]. Bhí an-ról ag Gaeilge na Mumhan i bhforbairt na litríochta nua-aimseartha Gaeilge, cé go bhfuil sí ar an gcanúint is lú cainteoirí dúchais inniu. Is sa chanúint seo a scríobhadh ''[[oldwikisource:Séadna|Séadna]]'' leis an Athair [[Peadar Ua Laoghaire]], chomh maith leis na clasaicigh Bhlascaodacha, [[Peig]] le Peig Sayers, [[An tOileánach]] le [[Tomás Ó Criomhthain]], agus [[Fiche Blian ag Fás]] le [[Muiris Ó Súilleabháin]]. Is dócha gurb iad [[Pádraig Ó Cíobháin]] agus [[Maidhc Dainín Ó Sé]] na scríbhneoirí comhaimseartha is bisiúla sa chanúint.
 
== Saintréithe Gaeilge na Mumhan ==
 
Is féidir difríochtaí a aithint idir na mionchanúintí Muimhneacha féin, ach seo iad na saintréithe is suntasaí atá ag baint leo:
Líne 18:
* Úsáidtear na foirmeacha neamhspleácha de na briathra fiú nuair a bheifeá ag súil leis na foirmeacha spleácha: ''go ngeibheann'' in áit ''go bhfaigheann'', ''ní chonac'' nó ''níor chonac'' in áit ''ní fhaca mé''
 
== Na Briathra Rialta i nGaeilge na Mumhan ==
 
=== An Aimsir Láithreach ===
 
* caithim
* caitheann tú, caithir
* caitheann sé, sí
* caithimíd
* caitheann sibh
* caithid, caithid siad
* caitear
 
* osclaím
* osclaíonn tú, osclaír
* osclaíonn sé, sí
* osclaímíd
* osclaíonn sibh
* osclaíd, osclaíd siad
* osclaítear
 
=== An Aimsir Fháistineach ===
 
* caithfead
* caithfir
* caithfidh sé, sí
* caithfeam, caithfimíd
* caithfidh sibh
* caithfid, caithfid siad
* caithfear
 
* osclód
* osclóir
* osclóidh sé, sí
* osclóm, osclóimíd
* osclóidh sibh
* osclóid, osclóid siad
* osclófar
 
=== An Modh Coinníollach ===
 
Cloistear an ''do'' roimh na consain féin go minic i nGaeilge na Mumhan. Go praiticiúil, áfach, is mar ''dh-'' a fhuaimnítear é roimh na gutaí, is é sin, b'fhearr, abair, ''d'osclóinn'' a litriú mar ''dh'osclóinn'' leis an bhfíorfhuaimniú a chur in iúl - rud a d'fheicfeá i bhfoilseacháin bhéaloidis ina bhfuiltear ag déanamh dlúthaithris ar an gcanúint.
 
* do chaithfinn
* do chaithfeá
* do chaithfeadh sé
* do chaithfimis
* do chaithfeadh sibh
* do chaithfidís
* do chaithfí
 
* d'osclóinn
* d'osclófá
* d'osclódh sé
* d'osclóimis
* d'osclódh sibh
* d'osclóidís
* d'osclófaí
 
=== An Aimsir Chaite ===
 
* do chaitheas
* do chaithis
* do chaith sé, sí
* do chaitheamar, do chaitheamair
* do chaitheabhair - tá sé ag brath ar an bhfochanúint áitiúil cé acu a fhuaimnítear an iarmhír seo ''-abhair'' mar -úir nó mar -avair.
* do chaitheadar
* do caitheadh (déantar "chaitheadh" de i gcanúint na Rinne, áfach). Is mar -ch nó mar -g a fhuaimnítear an iarmhír sin ''-adh'' san fhoirm seo, agus ní mar -ú, mar a dhéantar sna canúintí níos faide thuaidh.
 
* d'osclaíos
* d'osclaís
* d'oscail sé, sí
* d'osclaíomar, d'osclaíomair
* d'osclaíobhair
* d'osclaíodar
* do hosclaíodh
 
Tabhair faoi deara arís gur gnáth ''dh'osclaíos, dh'osclaís'' agus araile a dhéanamh de sa chaint. Le fírinne d'fheicfeá leithéidí ''do dh'oscail'', ''do dh'éirigh'' sna díolamaí béaloidis ina ndéantar aithris chruinn ar fhíorfhuaimniú na canúna.
Líne 98:
Maidir leis na briathra neamhrialta, in áit an ''-as'', is é an dóigh a gcuireann siad an chéad phearsa uatha in iúl san aimsir chaite ná leathnú an chonsain dheireanaigh: ''thánag'' "tháinig mé", ''dúrt, duart'' "dúirt mé", ''chuala'' (gan iarmhír gan forainm) "chuala mé", ''chonac'' (fuaimniú: ''ch'nuc'') "chonaic mé" (ach, ar ndóigh, deirtear ''chuas'' "chuaigh mé", ''rugas'' "rug mé", ''bhíos'' "bhí mé"). Maidir le ''thánag'' agus ''chuala'', is iad sin na ceartfhoirmeacha stairiúla, ach is ar éigean a úsáideann aon chanúint ar leith an bheirt acu, nó i gCiarraí, rinneadh ''thána'' de ''thánag'' faoi thionchar ''chuala'', ach i gContae Chorcaí, rinneadh ''chualag'' de ''chuala'' faoi thionchar ''thánag''.
 
=== An Aimsir Ghnáthchaite ===
 
* do chaithinn
* do chaiteá
* do chaitheadh sé, sí
* do chaithimis
* do chaitheadh sibh
* do chaithidís
* do chaití (i nGaeilge Chorcaí - i nGaeilge Chléire, ar a laghad - d'fhágfaí an fhoirm seo gan séimhiú faoi thionchar shaorbhriathar na haimsire caite)
 
* d'osclaínn
* d'osclaíteá
* d'osclaíodh sé, sí
* d'osclaímis
* d'osclaíodh sibh
* d'osclaídís
* d'osclaítí
 
== Liosta focal ==
 
Is follasach go dtagann an chuid is mó de na focail as Gaeilge Chiarraí, ós í an chanúint is tábhachtaí sa Mhumhain.
 
* ''achrann'': tá an ghnáthchiall leis an bhfocal seo sa chanúint, ach i mbreis air sin, chloisfeá ''in achrann do...'' sa chiall "i gcóngar do...", "i dteagmháil le..."
* ''aosáid'' faoiseamh, biseach (ón tinneas)
* ''beachaig, beachaidh, beachaigh'' beacha, beachóga (cf. ''luchaig'')
* ''briocast'' bricfeásta
* ''bunóc'' leanbh beag. Ní chluinfeá an focal seo sa ghnáthchaint a thuilleadh, áfach.
* ''canathaobh'' (= ''cad ina thaobh'') cén fáth, cad chuige, tuige
* ''ciotrúnta'' ciotach, ciotógach
* ''cluthair'' deas te teolaí
* ''comáint'' tiomáint. Cloistear ''tiomáint'' sa chúige chomh maith.
* ''conas'': Tá an oiread Gaeilge ag cách in Éirinn is go bhfuil a fhios acu gurb é ''conas tá tú?'' an Ghaeilge ar ''how are ye?'', ach, le fírinne, focal Muimhneach amháin a bhí i gceist le ''conas'' ar dtús. Tagann an [[clásal díreach]] ar a lorg: ''conas '''atá''' tú?''. I nGaeilge Uladh, deirtear ''cad é mar atá tú?'', agus is é an clásal díreach a úsáidtear anseo freisin. Is é ''cén chaoi a bhfuil tú?'' an leagan Connachtach, agus is é an [[clásal indíreach]] a fheicimid anseo.
* ''contúirt'': Aithnítear an focal seo sa ghnáthchiall (is é sin, "dainséar"), ach is minic a thagraíonn sé do chuntar an tábhairne nó an tsiopa. ''Cúntúirt'' an fuaimniú.
* ''coráiste'' misneach. Bíonn na focail iasachta ón bhFraincis Normannach níos coitianta i nGaeilge thraidisiúnta na Mumhan ná i gcaint na réigiún eile.
* ''craimsiú, caimsiú'' aimsiú
* ''cuileachta, c'leachta'' cuideachta; sult
* ''dearmhad'', ''dearúd'' dearmad
* ''dúthaigh'' dúiche, ceantar, réigiún
* ''fachta, fálta'' faighte. ''Fachta'' is mó a chloisfeá i gCiarraí. Tabhair faoi deara an focal ''fáltas'' = "maoin shaolta".
* ''feadar'': ''ní fheadar'' níl a fhios agam, ''an bhfeadraís?'' an bhfuil a fhios agat? - Tá ciall na haimsire láithrí leis an bhfocal seo, ach tá na hiarmhíreanna níos cosúla leis an aimsir chaite.
* ''fear (na) beilte'' péas, pílear, garda, póilín, síothmhaor
* ''feiscint'' feiceáil
* ''fliuchadh'': is minic a chloisfeá ''fliuchadh'' sa chiall "fiuchadh", is é sin, ''uisce a chur ar fliuchadh'' sa chiall "uisce a chur ar fiuchadh, uisce a chur ar gal"
* ''fodhuine'' corrdhuine
* ''fothain, foithin'' foscadh
* ''fothragadh'' fuadar
* ''fuar'': ''bhí fuar agam'' níor éirigh liom, ní bhfuair mé mo mhian
* ''gadhar'' madra
* ''Gaelainn'' Gaeilge: ''Conradh na Gaelainne''
* ''galar'': is minic a úsáidtear i gciall mheafarach é sa chanúint, ag tagairt do dhrochnósanna nó a leithéid
* ''ganntar'' gá, call, riachtanas - is dócha gur meascán é seo as ''gátar'' ("in am an ghátair") agus as ''gann''. An rud a bhfuil ganntar leis, is rud é a bhfuil gá leis. Sa chiall ''ganntanas'' is gnách an focal ''gannchúis'' a úsáid.
* ''harasaí'' an rud a dtugtar ''delirium tremens'' air i Laidin na ndochtúirí
* ''iaigh/iamh'' a úsáidtear sa chanúint go minic in áit ''dún/dúnadh''
* ''leásaí'' leisciúil
* ''lofa'' aidiacht ghinearálta lochtaithe: ''tá an bia so lofa''. ''Lobhtha'', ''lobhaite'' a deirtear sa bhunchiall.
* ''lógóireacht'' olagón, mairgneach. Is dócha gur ''olagóireacht'' a bhí ann ar dtús. Focal ón Rinn i gContae Phort Láirge atá ann.
* ''luchaig'' (nó ''luchaidh'', ''luchaigh'', ach is ionann an fuaimniú) - uimhir iolra an fhocail "luch". Sa teanga chaighdeánach is ainmfhocal rialta de chuid an dara díochlaonadh é.
* ''Meirice'' nó ''Aimeirice'' (béim ar an dara siolla) a deirtear i gCúige Mumhan, in áit ''Meiriceá''
* ''mínáire'' fearg
* ''mínigh/míniú'' sa chiall "ceacht a mhúineadh do dhuine": ''míneod é fós'' múinfidh mé ceacht dó go fóill (sa chiall bhagrach: tabharfaidh mé íde bhéil nó greidimíní dó)
* ''miotóg a bhaint as duine'' liomóg (greim dhá mhéar) a bhaint as duine
* ''míshaolta'' neamhshaolta, osnádúrtha
* ''mótar'' carr, gluaisteán
* ''nath'' a chuirtear i rud, nuair a chuirtear sonrú ann - is é sin, nuair a thugtar faoi deara é
* ''neamhcheart'' mícheart
* ''neomat'' nóiméad
* ''nótáilte'' (déantar ''nótálta'' nó ''nótáltha'' de sa chanúint): chloisfeá an focal seo mar aidiacht mholta ghinearálta - "an-mhaith, an-deas, ar fheabhas, thar barr" - i nGaeilge na Mumhan
* ''oidhre'' duine atá ag breathnú an-chosúil lena athair, deirtear gurb é oidhre a athar é
* ''oiriúnú'' feiliúint, oiriúint, fóirstin, bheith oiriúnach, bheith fóirsteanach, bheith feiliúnach. An chulaith éadaigh a ''oiriúnaíonn'' thú, níl sí rómhaith ná róbheag agat. Is mar ''riúnú'' a fhuaimnítear an briathar seo. ''Feileann sé duit'', ''oireann sé duit'' nó ''fóireann sé duit'' a déarfaí sna canúintí eile, ach is é an cuspóir díreach, seachas an réamhfhocal ''do'', a úsáidtear leis an mbriathar seo ''oiriúnú'' - i nGaeilge na Mumhan. - Sa Ghaeilge liteartha, d'fhéicfeá an briathar ''oiriúnú'' - rud a oiriúnú do rud eile, nó do dhuine - sa chiall ''rud a chur in oiriúint do rud eile, rud a dhéanamh oiriúnach do rud eile''.
* ''ordú'' rabhadh; ''tá sé ordaithe'' tá rabhadh tugtha faoi, tá a leithéid de mhí-ádh ag bagairt
* ''pas'' uair, ócáid, turas; ''pas beag'' beagáinín, traidhfilín
* ''pionós'': chluinfeá sa chiall "pian mór" é fosta
* ''prioc(adh)'' pioc(adh)
* ''puinn'' faic (na fríde), a dhath (ar bith), faic na ngrásta
* ''réans'' srianta (sa bhunchiall, is é sin, ag tagairt do na srianta a chuirfeá ar chapall; focal Béarla - ''reins'' - é seo gan amhras, ach tá sé seanbhunaithe sa chanúint)
* ''réiltín'' réalta
* ''saghas'' sórt, cineál. Chloisfeá ''saghas'' i nGaeilge Uladh fosta, ach is iasacht nua ón mBéarla ansin é, agus is é is brí leis ansin ná "méid".
* ''salacharáil, salacharaíl'': ''níl ach salacharáil bheag Gaelainne aige'' níl ach beagán Gaeilge aige
* ''saoráideach'' furasta, go háirithe ag tagairt do rudaí a bheadh ar fáil go bog
* ''scailéathan'' áibhéil
* ''scamhard'': Baintear úsáid as an bhfocal seo sa teanga chaighdeánach nó léannta le ''nutrition, nourishment'' an Bhéarla a aistriú, ach is focal gnáthchainte é i nGaeilge na Mumhan. Cuirtear an bhéim ar an dara siolla sa chanúint, [skә'va:rd]. Is é [skauәrd] an fuaimniú a mholann ''Foclóir Póca'' agus ''Foclóir Scoile'', áfach.
* ''siúicre'' siúcra
* ''slí'': is minic a chloisfeá sa chiall "spás" é
* ''sóinseáil, seoinseáil'' briseadh airgid; athrú aimsire
* ''speabhraídí'' ciopóga (a bheith ar dhuine), meascán mearaí.
* ''srois, sroisint'' sroich, sroicheadh
* ''stóinsithe'' stobarnáilte, dáigh, stuacánta, dochomhairleach
* ''stróinséir, stróinséarach'' strainséir
* ''támáilte'' cúthail, cotúil
* ''téanam!'' tar liom! - Níl ach dhá fhoirm ag an mbriathar seo: modh foshuiteach na haimsire láithrí in uimhir iolra na chéad phearsan (''téanam!'') agus an t-ainmfhocal briathartha (''téanachtaint'')
* ''tarrac'' tarraingt
* ''tindeáil'' freastal, bheith ag tabhairt aire
* ''tionóisc'' taisme, timpiste
* ''toirmeasc'' trioblóid. ''Cosc'' is brí leis an bhfocal seo sna canúintí eile.
* ''tosnú'' tosú
* ''trangláil'' tranglam, trioblóid, clampar
* ''tuin'' blas coimhthíoch ar chaint an duine
* ''tulca'' báisteach throm, taom feirge
* ''várnáil'' rabhadh, foláireamh
 
== Litríocht ==
 
* Ó BUACHALLA, Breandán: ''An Teanga Bheo - Gaeilge Chléire''. Institiúid Teangeolaíochta Éireann, Baile Átha Cliath 2003. ISBN 0-946452-98-9
 
* Ó SÉ, Diarmuid: ''An Teanga Bheo - Corca Dhuibhne''. Institiúid Teangeolaíochta Éireann, Baile Átha Cliath 1995. ISBN 0-946452-82-2