An difríocht idir athruithe ar: "Laethanta na Bó Riabhaí"

Content deleted Content added
Rang
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
Tugtar '''Laethanta na Bó Riabhaí''' ar an dá lá deireanach den [[Márta|Mhárta]] agus an chéad-lá den [[Aibreán]]. Bítear ag súil le síon agus drochaimsir na cúpla lá seo.
 
== An scéal ==
Seo an scéal: Bhí seanbhó riabhach ann agus do bhí sí go lom agus go tarraingthe tar éis an [[geimhreadh|gheimhridh]], agus é faighte go dóite aici ón drochaimsir. Ach an uair a bhí sé ag teannadh le deireadh an Mhárta, bí an-áthas ar an tseanbhó riabhach, an lá a bheith faighte ar an nGeimhreadh aici, agus dúirt sí leis an Márta a dhícheall a dhéanamh. Dhá lá den Mhárta a bhí gan chaitheamh, agu do shéid sé gaoth mhór agus sneachta, sioc agus báisteach an dá lá sin nó gur fhóbair go gceiliúrfadh an tseanbhó. Pé scéal é, ní foláir nó bhí sí righin, mar sheas sí amach an dá lá sin, agus bhí ardríméad uirthi an tAibreán do bheith chuici. Ach cad a rinne an Márta ach lá do lorg ar iasacht ón Aibreán, agus do lean an drochaimsear ar an triú lá, agus cailleadh an tseanbhó riabhach bhocht an lá sin leis an bhfuacht agus an anfa.