An difríocht idir athruithe ar: "Livias"

Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.6.4) (róbat ag mionathrú: fa:تیتوس لیویوس
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
[[ImageÍomhá:Livius.jpg|right|thumb|Busta de Livias]]
[[Scríbhneoir]] ab ea '''Titus Livius''' ([[59 RC]] - AD [[17]]), ar a thugtar '''Livias''' as Gaeilge. Scríobh sé saothar mór ar stair na [[an Róimh|Róimhe]], ''Ab Urbe Condita'', ó bhunús na cathrach (sa bhliain [[753 RC]] go traidisiúnta). B'as [[Padua]] é, baile ar an [[Po]] i dtuaisceart na [[an Iodáil|hIodáile]].
 
== Saol ==
Bhí ioncam maith ag an chlann ina rugadh Livias i bPadua. D'aistrigh sé go dtí an Róimh agus 29 mbliana aige, agus dúirt sé nár bhain sé aon pháirt amach sa tsaol poiblí, cé go raibh sé ina chara le [[Ágastas|hÁgastas]]. Bhí mac amháin agus iníon amháin aige. Thosaigh [[Claudius]] ag scríobh faoin stair nuair a mhol Livias dó é sin a dhéanamh.
 
Bhí sé ag teastáil ó [[Caligula]] na saothair go léir a scríobh Livias a bhaint amach as na leabharlanna, agus na bustaí a rinneadh dó - chuir Caligula "verbosum in historia neglegentemque" ('ro-fhoclach agus neamhchúramach maidir le cúrsaí staire') air.
 
== Saothair ==
Scríobh Livias saothair [[fealsúnacht]]a (cuid dóibh i bhfoirm agallaimh) agus [[reitric]]e (i bhfoirm litreacha, de réir dealraimh), ach níor tháinig na saothair seo anuas chuamar. Níl againn ach 35 as na 142 leabhar a bhíodh in ''[[Ab Urbe Condita]]''.
* Leabhair 1-10: ón aimsir is sia siar a dtéann cuntas air suas go [[293 RC]]. Meascán de stair agus miotas atá i gceist leis.
* Leabhair 21-45: ó [[218 RC|218]] go [[167 RC]] (níl leagain iomlána de leabhair 41 agus 43 againn).
Tá an chuid eile de na 142 leabhar (thart ar 30 imleabhar nua-aimseartha) caillte.
 
Baineann an saothar ar fad leis an tréimhse [[753 RC]] go [[9 RC]]. Taispeántar ag achoimriuithe (''Periochae'') ón [[4ú céad]] de beagnach gach aon leabhar gur lean a chuid staireolaíochta suas chun bháis [[Drusus]]. B'fhéidir go raibh sé ar intinn do Livias 150 leabhar a scríobh, suas chun bháis [[Ágastas|Ágastais]] (an áit a thosaíonn [[Tacatas]] an scríbhneoireacht). Bhain sé an-chuid ábhair as [[Fabius Pictor]], [[Coelius Antipater]], [[Polybius]], [[Cato]] agus [[Valerius Antias]] (a bhíodh á cháineadh ag Livias mar gheall ar áibhéil agus díchreidmheacht).
 
== Livias mar staraí ==
Tá go leor difríochtaí idir Livias agus staraithe an lae atá inniu ann. Baineann a chuid staire le 750 bliana - ní raibh ócáid amháin, duine amháin, cogadh amháin srl. i gceist. Rinne sé tagairt go minic le húdaráis gan ainm agus le traidisiúin. D'úsáid sé foinsí gan bhreithniú orthu go grinn, d'ainneoin iarrachtaí chun rogha a dhéanamh orthu. Níor bunaíodh a chuid tuairimí ar taighde domhain, agus ghlac sé leis an nós ársa chun dearcadh moráltachta a úsáid maidir leis an stair. Ach i gcomhthéacs staire an lae inniu, tá sé i bhfad níos fearr ná daoine ar nós [[Sallast|Sallaist]]. Bhíodh sé ag lorg ar na fírinne, níor chreid sé fianaise amhrasach, luann sé a thuilleadh sleachta mar údarás ná daoine eile, agus cuireann sé cáilíochtaí áirithe i leith a chuid ráitis, sula mbeadh siad ró-scaoilte.
 
Is minic a bhréagnaíonn Livias é féin, ach aithníonn sé go bhfuil mearbhall éigin ann i measc a chuid údaráis.
 
== Stíl agus téamaí ==
Bhí sé ag teastáil ó Livias saothair ealaíne a dhéanamh de ''Ab Urbe Condita'', cosúil le [[filíocht]] maidir le stíl agus le plé an ábhair. File eipiciúil ab ea é i bprós, agus d'úsáid sé a lán íomhánna chun díograis, stíl drámaíochta, beocht, agus claonadh chun reitric a chur i leith. Ní théann sé ar seachmall, agus thug [[Seinice]] faoi deara go raibh cumas aige maidir le cur síos ar carachtair. Tá cumas [[Cicearó]]nach ar a dhearcadh agus a stíl ealaíne.
 
Bhí Livias an-dílis don [[Impireacht Rómhánach|Impireacht]], agus bhí [[an Iodáil]], [[an Róimh]] agus [[Ágastas]] mar laochra dó. D'ainneoin go mbíodh an fhírinne mar chuspóir duit, níor éirigh leis cuntas cruinn a thabhairt ar lochtanna na Rómhánach mar gheall ar an leatrom sin, agus níor thug sé cothrom na Féinne do mhuintir na [[An Chartaig|Cartaige]] agus do mhuintir [[Samnium|Shamnium]]. Chreid sé i dtionchar na ndéithe agus i d[[tuar]]tha.
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.uah.edu/student_life/organizations/SAL/claslattexts/livy/aburbe.html Téacs d'''Ab Urbe Condita'']
* [http://www.livius.org/li-ln/livy/periochae/periochae00.html Téacs na bPeriochae] (as Béarla)
 
[[Catagóir:Scríbhneoirí Iodálacha]]