Is [[córas bainistíochta bunachar sonraí]] (CBBS) é '''MySQL'''. Is córas ilúsáideora agus ilsnáithe é. Úsáideann sé [[SQL]] mar an [[teanga sainmhínithe sonraí]] agus an [[teanga ionramhála sonraí]].
== Úinéireacht ==
Is leis an gcomhlacht [[An tSualainn|Sualannach]] [[MySQL AB]] MySQL. Is leo an cóipcheart le haghaidh formhór an chóid. Cuireann siad ''MySQL Server'' ar fáil mar [[bogearraí in aisce|bhogearraí in aisce]] faoi [[Ceadúnas Ginearálta Poiblí GNU]]. Cuireann siad ''MySQL Enterprise'' ar fáil freisin d'eagraíochtaí gnó trí shíntiús traidisiúnta.
== Úsáidí ==
Baintear úsáid as MySQL i bhforbairt [[láithreán gréasáin|láithreáin ghréasáin]]. Is é an bunachar sonraí a úsáidtear sna hardáin forbartha ''LAMP'', ''MAMP'', agus ''WAMP'' ([[Linux]]/[[Mac]]/[[Windows]]-[[Apache]]-'''MySQL'''-[[PHP]]/[[Perl]]/[[Python]]). Baineann an bogearra foinse-oscailte [[MediaWiki]] úsáid as an teicneolaíocht seo le láithreáin ar nós an [[Vicipéid]] a chur i láthair.