An difríocht idir athruithe ar: "Pól Ó Muirí"
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí) |
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
||
Líne 1:
Is file, iriseoir agus scríbhneoir é '''Pól Ó Muirí''' (1965-).
== Óige agus Oideachas ==
Rugadh agus tógadh Ó Muirí in iarthar [[Béal Feirste|Bhéal Feirste]].
D’fhreastail sé ar bhunscoil i mBaile Andarsan agus ansin ar mheánscoil na mBráithre Críostaí ar Bhóthar an Ghleanna.
Bhain sé amach céim sa Ghaeilge agus san fhealsúnacht in [[Ollscoil na Ríona]], agus Ph.D sa Léann Ceilteach ina dhiaidh sin.
Le linn na tréimhse seo bhíodh Ó Muirí ag scríobh píosaí d'fhoilseacháin mar Comhar, An tUltach, agus Fortnight agus do Raidió Uladh.
== Obair ==
Tar éis dó an ollscoil a fhágáil thosaigh Ó Muirí ag obair le Fortnight Educational Trust mar eagarthóir agus agus é ag foilsiú forlíonta a bhain le cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí cultúrtha. Thosaigh sé ag obair don [[Irish Times]] i lár na nóchaidí, ag scríobh corralt do “Beocheist”. [[Liam Ó Muirthile]] a bhí ina eagarthóir Gaeilge ann agus [[Uinsionn Mac Dubhghaill]] ina dhiaidh sin: ghlac Ó Muirí an post i ndiaidh Mhic Dhubhghaill. Scríobhann sé colún don Irish Times agus bíonn sé ag scríobh don nuachtán ''[[Foinse]]''. Lena chois sin cumann sé drámaí raidió agus píosaí eile.
Uaireanta bíonn sé "dian go leor" ar eagraíochta mar [[Foras na Gaeilge|Fhoras na Gaeilge]] agus "an-chriticiúil maidir le rudaí áirithe agus le “Saol na Gaeilge” go ginearálta".<ref>http://www.beo.ie/index.php?page=archive_content&archive_id=1451</ref>
== Tagairtí ==
{{reflist}}
== Naisc Sheachtracha ==
* [http://www.beo.ie/index.php?page=archive_content&archive_id=1451 Alt faoi Phól Ó Muirí]
* [http://newsletter.sdlp.ie/polomuiri.html Alt le Pól Ó Muirí]
[[Catagóir:Scríbhneoirí Éireannacha]]
|