An difríocht idir athruithe ar: "Rote Armee Fraktion"

Content deleted Content added
Ancatmara (plé | dréachtaí)
m →‎An Chéad Ghlúin: +nasc amháin
Líne 30:
=== An Chéad Ghlúin ===
[[Íomhá:Ulrike Meinhof als junge Jo.jpg|thumb|Ulrike Meinhof ina hiriseoir óg. Bhí sí ag obair don iris pholaitiúil úd ''Konkret'', agus í pósta ar fhoilsitheoir na hirise tráth. Fuair an foilsitheoir tacaíocht rúnda ó rúnseirbhís na Gearmáine Thoir, ''Stasi''.]]
Níor thosaigh an drong ag cur fíor-threallchogaíochta ach ar an 14 Bealtaine 1970, nuair a scaoil siad saor le Baader le lámh láidir. Tugadh Baader as an bpríosún go dtí an ''Deutsche Zentralinstitut für Soziale Fragen'' nó Lár-Institiúid na Gearmáine um Thaighde na nImthoscaí Sóisialta - fondúireacht neamhspleách taighde i mBeirlín a bunaíodh i ndeireadh na naoú haoise déag. Bhí [[Ulrike Meinhof]] le leabhar taighde a scríobh, - a dúirt sí, - agus theastaigh uaithi agallamh a chur ar Baader in áras na hInstitiúide. San am seo, iriseoir measúil a bhí i Meinhof i gcónaí, agus na húdaráis breá sásta comhoibriú léi. Mar a d'iompaigh an scéal amach, áfach, rinne na sceimhlitheoirí ruathar ar an Institiúid agus bhain siad amach saoirse do Baader le lámh láidir. Gortaíodh Georg Linke, duine d'oibrithe na hInstitiúide, go dona, nuair a scaoil duine de na sceimhlitheoirí urchar leis. Ag an ócáid seo, d'éalaigh Meinhof ó láithreán na n-imeachtaí in éineacht leis na sceimhlitheoirí agus d'fhág sí slán ag an saol dlíthiúil.
 
Ar an 5 Meitheamh 1970, d'fhoilsigh iris na n-ainrialaithe i mBeirlín, ''Agit 883'', forógra na droinge faoin teideal ''Die Rote Armee aufbauen!'' ("An tArm Dearg le hearcú!"). Chaith Ensslin, Baader, Mahler, Meinhof, Peter Homann, Brigitte Asdonk agus timpeall is dáréag eile an chuid ba mhó de shamhradh na bliana 1970 san [[An Iordáin|Iordáin]] le hoiliúint an treallchogaí a fháil ó na Palaistínigh.