An difríocht idir athruithe ar: "Declan Costello"

dlí-eolaí agus polaiteoir Éireannach
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Dlí-eolaí agus iar-pholaiteoir de chuid Fhine Gael ab ea '''Deaglún Mac Coisdealbha''' ''(Béarla : Declan Costello)'' (1 Lúnasa 1926 - [[6 Meith...'
(No difference)

Leagan ó 20:14, 6 Meitheamh 2011

Dlí-eolaí agus iar-pholaiteoir de chuid Fhine Gael ab ea Deaglún Mac Coisdealbha (Béarla : Declan Costello) (1 Lúnasa 1926 - 6 Meitheamh 2011) a bhí mar Theachta Dála ar feadh 20 bliain, mar Ard-Aighne ar feadh ceithre go leith bliain agus mar bhreitheamh san Árd-Chúirt ar feadh 20 bliain sular eirigh sé as.

Rugadh i mBaile Átha Cliath é. mac Sheán Mac Coisdealbha a bhí ina Thaoiseach dhá uaire. Toghadh é den chéad uair in olltoghchán na bliana 1951 i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar-Thuaidh agus atoghadh é ag gach olltochán ina dhiaidh sin go dtí gur éirigh sé as sa bhliian 1969. Sheash sé arís i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar-Theas ag olltoghchán 1973 agus toghadh arís é.

Ní raibh Fine Gael i gcumhacht i rith na 1960í agus ba ceannaire é Mac Coisdealbha de ghlúin nua polaiteoirí a bhí ag iarraidh Fine Gael a bhogadh ar chlé. Ba phríomh-údar cáipéis I dTreo Sochaí Cheart (Béarla: Towards a Just Society) a bhí mar chlár Fhine Gael in olltoghchán 1965. Bhí toinchar mór ar an gcáipéis ar an bpáirtí san blianta ina dhiaidh sin.

Ceapadh mar Ard-Aighne é sa chomhrialtas idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre a bhuaigh olltoghchán 1973. D'éirigh sé as an bpolaitíocht nuair a ceapadh é mar bhreitheamh san Árd-Chúirt sa bhliain 1977. Bhí sé i gceannas ar an mbínse fosrúcháin ag scrúidaigh an tubaiste a tharla in Oileán Faoide sa bhliain 1979 nuair a phléasc long ola. Ceapadh é mar Uachtarán na hÁrd-Chúirte sa bhlian 1994 agus d'éirigh sé as sa bhliain 1997.