An difríocht idir athruithe ar: "Tobac"

Content deleted Content added
Líne 23:
== An Tobac agus an tSláinte ==
 
Glactar leis inniu go bhfuil sé mífholláin ar fad tobac a chaitheamh. Ba iad na [[eolaí|heolaithe]] Gearmánacha ba túiscethúisce a d'aithin chomh dainséarach agus a bhíonn an tobac don tsláinte, thiar sna 1930idí, ach bhí an tuiscint seo an-mhall ag dul i bhfeidhm ar na caiteoirí tobac. Thar aon rud eile, ba sa Ghearmáin Naitsíoch ba túiscethúisce a tháinig an ghluaiseacht in aghaidh an tobac ar an bhfód, agus le linn [[an Dara Cogadh Domhanda]], bhí na comhghuaillithe den tuairim nach raibh ann ach leannán smaoinimh eile de chuid na [[Naitsithe]], nó bhí a lán idéanna áiféiseacha acu siúd faoi chúrsaí na sláinte mar chuid d'uaisliú an chine. Sa bhliain [[1950]], áfach, d'fhoilsigh Richard Doll alt tábhachtach ar an ''British Medical Journal'' faoin mbaint a bhí ag an tobac le hailse na scamhóg, agus i gceann ceithre bliana eile, dheimhnigh an ''British Doctors' Study'' - staidéar a rinneadh ar nósanna caite tobac na ndochtúirí sa [[Ríocht Aontaithe]] - go raibh priacal na hailse scamhóg agus an taom croí ní b'airde ag lucht an tobac.<ref>http://info.cancerresearchuk.org/healthyliving/smokingandtobacco/howdoweknow/#Risks</ref>
 
Is iad na scamhóga, an croí agus na bealaí riospráide is mó atá faoi bhagairt ag na galair a bhaineann leis an tobac. [[Nicitín]] is cúis leis an dúil nimhe a thugann na daoine don tobac, agus is iad na nimheanna eile is cúis leis an ailse a thagann sna sála ag an andúil. Go bunúsach, is iad na hidreacarbóin aramatacha ilnúicléacha is mó a tharraingíonn ailse ar an gcaiteoir tobac. Is minic a thugtar "tarra" ar na hidreacarbóin seo, nó cineál tarra atá iontu go bunúsach, is é sin, meascán hidreacarbón a úscann as ábhar orgánach agus é ag cráindó.
 
I ngeall air seo ar fad tá cosc curtha ar chaitheamh tobac in ionaid oibre, tithe tábhairne agus clubanna oíche i mórán tíortha; san Eoraip agus Meiriceá ach go háirithe.
 
== Tagairtí ==