An difríocht idir athruithe ar: "Teuvo Tulio"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
m Add image from http://tools.wikimedia.de/~emijrp/imagesforbio/
Líne 1:
[[Íomhá:Teuvo Tulio.jpg|thumb|right|Teuvo Tulio]]
Dearctar ar '''Teuvo Tulio''', nó ''Teodor Antonius Tugai'' ([[23 Lúnasa]] [[1912]] [[Cathair Pheadair]] - [[8 Meitheamh]] [[2000]] [[Heilsincí]]) mar mháistir an anghrá agus an mhéaldráma i stair scannánaíochta na [[an Fhionlainn|Fionlainne]]. Ina aisteoir a thosaigh se sa bhliain [[1929]], agus é ag déanamh róil thábhachtacha i scannáin leis an stiúrthóir [[Valentin Vaala]] a bhí suite i saol na nGiofóg. Bhí folaíocht na [[an Laitvia|Laitvia]] is na [[an Rúis|Rúise]] ann, agus cuma eachtrannach air a rinne an-mhealltach, an-draíochtúil i súile na mban é. Cuireadh i gcomparáid le [[Rudolph Valentino]] féin é. Sa bhliain [[1936]] a stiúraigh sé an chéad scannán dá chuid féin. Na scannáin a rinne sé sna tríochaidí, bhí siad uile bunaithe ar chlasaicigh mhóra na litríochta Fionlannaí, agus thaitin siad go mór mór leis na léirmheastóirí. Chaith sé na blianta cogaidh ag déanamh obair bolscaireachta don arm.