Rí [[ÉireLaighean]]annach idir na blianta 1126 agus bliain a bháis ba ea '''Diarmaid Mac Murchadha''' ([[1110]] - [[1 Eanáir]], [[1171]]), a bhí ina Rí Laighean idir na blianta 1126 agus bliain a bháis. Bhí aighneas idir é féin agus [[Tighearnán Ua Ruairc]], agus chaill sé a choróin sa bhliain 1166 dá bharr. Tháinig na [[Normannaigh]] go hÉirinn sa bhliain [[1169]], áfach, tar éis dó cuireadh a thabhairt do rí [[Sasana|Shasana]] agus na Normainne [[Anraí II Shasana|Anraí II]] teacht i gcúnamh air. Mar gheall ar seo, tugtar '''Diarmaid na nGall''' air chomh maith. Gheall sé a iníon Aoife don Normannach [[Risteárd de Clare, Dara hIarla Phembróic (Strongbow)|Strongbow]] mar pháirt den bheart céanna.