An difríocht idir athruithe ar: "Aistriúchán"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Cumarsáid scríofa atá san '''aistriúchán''' ina dtiontaítear brí téacs as teanga amháin go teanga eile. Tugtar an teanga foinse ar an mbunteanga nó an teanga lena dtosaítear agus tugtar an sprioctheanga ar an teanga lena gcríochnaítear. Tugtar aistritheoir ar an duine a dhéanann an t-aistriúchán agus bíonn eolas aige ar dhá theanga, ar a laghad, d'fhonn aistriúchán ar chaint nó ar théacs scríofa a tháirgeadh sa sprioctheanga. Ní hamháin go mbíonn tuiscint mhaith ar an téacs ag teastáil ón aistritheoir, bíonn sé riachtanach go mbeadh sé in ann leagan éifeachtach a chur ar fáil sa sprioctheanga a luíonn le nádúr na teanga sin. Tugtar '''aistriúchán''' ar an bpróiseas ina ndéantar aistriúchán agus ar thoradh an phróisis sin freisin, sé sin an saothar a thagann as.
 
Bíonn an baol i gcónaí ann go gtabharfadh an t-aistritheoir struchtúr agus nathanna cainte na teanga foinse isteach leis sa sprioctheanga agus é ag aistriú téacs, sé sin go mbeadh traschur truaillithe ann. Ar an taobh eile de, is féidir le focail agus nathanna iasachta a chur go mór le teanga ar bith. Dar ndóigh, iI gcás mionteangacha moltar a bheith cúramach gan an iomarca leaganacha iasachta a ligean isteach ar fhaitíos go mbáfaí an teanga ar fad i dtuile nathanna ón mórtheanga. Aistrítear go leor cineálacha téacs ó teicniúil go liteartha.
 
Mar gheall ar an mór-éileamh a bhí ann ar dhoiciméadú gnó de bharr [[Réabhlóid na Tionsclaíochta]], a thosaigh i lár an [[18ú haois]], tháinig foirmiúlú agus speisialú ar cheird an aistriúcháin le scoileanna tiomanta agus cumainn ghairmiúla á mbunú.