An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Breathnach"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
Rugadh '''Mícheál Breathnach''' (1881-1908) ar an Lochán Beag i [[Cois Fharraige|gCois Fharraige]] ar [[16 Meán Fómhair|16ú Meán Fómhair]] [[1881]]. Bhí sé ar dhuine den dream a chuir beocht i scríbhneoireacht na Gaeilge le linn na hAthbheochana.
 
== A bheatha ==
 
Chuaigh sé ar scoil an Chnoic, áit ar fhoghlaim sé Béarla agus a raibh sé ina chúntóir ina diaidh sin. Nuair a bhí sé fiche bliain d’aois fuair sé post mar rúnaí ar Chraobh Londan de [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]]. Scríobh sé aistí do [[An Claidheamh Soluis]], agus d'fhoilsigh sé ''Cuan na Mara agus a Mhuintir'' in Irisleabhar na [[Gaeilge]], aiste a bhain duais Oireachtais amach sa mbliain 1903. Ceithre bliana a chaith sé i [[Londain]], áit a raibh ranganna Gaeilge ar siúl aige agus é gnóthach in imeachtaí an Chonartha.
Líne 9:
Bhí an eitinn ar an mBreathnach faoin am sin. Bhíodh sé ag triall ar an [[An Eilvéis|Eilvéis]] ar mhaithe lena shláinte, agus rinne sé cur síos ar an tír sin i roinnt aistí a foilsíodh ar ''An Claidheamh Soluis'' agus ansin faoin teideal ''Seilg i Measc na nAlp''. Níor fheabhsaigh a shláinte agus bhí air cur faoi i dteach altranais i m[[Baile Átha Cliath]]. Fuair sé bás ansin i Mí Dheireadh Fómhair na bliana 1908. Tá sé curtha i reilig an Chnoic ina cheantar dúchais.
 
== Saothar eile ==
 
D'fhoilsigh an Breathnach go leor filíochta ar na hirisi Gaeilge. Chuir sé Gaeilge ar ''Knocknagow'', leabhar le [[Charles Kickham]], thart ar 1905, aistriúchán ar foilsíodh cuid de sa mbliain 1906 agus an chuid eile tar éis a bháis. D'fhoilsigh Conradh na Gaeilge ''Stair na hÉireann'' sa mbliain 1906. Sa mbliain 1980 chuir [[Seosamh Ó Braonáin]] leagan nua de ''Seilg i Measc na nAlp'' amach sa [[An Caighdeán Oifigiúil|litriú caighdeánach]].
Líne 17:
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.askaboutireland.ie/show_narrative_page.do?page_id=1884 Cuntas ar an mBreathnach]
 
 
[[Catagóir:Iriseoirí Éireannacha|Breathnach, Micheál]]