An difríocht idir athruithe ar: "Rote Armee Fraktion"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
m Ag baint Route_der_Flugzeugentführung_-_Landshut_blank.png amach, scrios Fastily é ón Chómhaoin mar: Per [[commons:Commons:Deletion requests/File:Route de...
Líne 45:
 
Sa phríosún dóibh, thosaigh na sceimhlitheoirí ag éileamh stádas an chime cogaidh, agus chuaigh siad ar stailc ocrais le béim a chur ar an éileamh seo. Fuair duine acu, Holger Meins, bás ar an 9 Samhain 1974, nuair a bhí sé tar éis a chuid putóg a chur ó mhaith leis na stailceanna ocrais. D'éirigh leis na cimí, áfach, súil na radacach clé ar fud na Gearmáine a tharraingt orthu féin leis na stailceanna sin. Nuair a thosaigh an phróis dlí, tháirg dlíodóirí mór le rá iad a chosaint, dlíodóirí a raibh dáimh acu leis an eite chlé. Tháinig an fealsamh Francach Jean-Paul Sartre féin ar cuairt chuig Baader, Meinhof agus Ensslin le dul chun réasúin leo. I ndiaidh na teagmhála, áfach, labhair sé go dímheasúil faoi Baader i gcomhrá príobháideach.
 
[[Íomhá:Route der Flugzeugentführung - Landshut blank.png|thumb|Fuadach an eitleáin úd ''Landshut'' (Lufthansa LH181) sa bhliain 1977. D'fhuadaigh na sceimhlitheoirí an ''Landshut'' nuair a bhí sí ag déanamh ón Spáinn ar Frankfurt sa Ghearmáin. Sa deireadh, shealbhaigh cománlach speisialta na bpóilíní Gearmánacha, GSG 9, í i Mogaidisiú sa tSómáil.]]
 
Chuaigh an dlí ar na sceimhlitheoirí i mBealtaine 1975, agus na breithiúna, na cúisitheoirí agus na cosantóirí ag teacht le chéile sa phríosún ina raibh na cúisithe á gcoinneáil - Stammheim in aice le Stuttgart. (Inniu, tugtar Foras Peannaideach Stuttgart, nó ''Justizvollzugsanstalt Stuttgart'', ar an áit.) Ar an 29 Samhain 1975, gearradh príosúnacht ocht mblian do Meinhof. I Mí Aibreáin 1977, daoradh Baader agus Ensslin chun príosúnachta lena saol.