An difríocht idir athruithe ar: "Tobac"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:DunhillEarlyMorningPipeMurrays.jpg|deas|200px|thumb|Tobac a chaitear i bpíopa.]]
 
Is éard is '''tobac''' ann ná duillí úra na b[[planda]]í sa [[Géineas|ghéineas]] úd ''Nicotiana'' a leasaítear ar bhealach ar leith le haghaidh úsáide mar [[Drugaí|dhruga]]. Is é an dóigh is minice a gcaitear tobac ná é a chur ag cráindó i d[[toitín]], i b[[píopa]] nó i d[[todóg]] agus an toit a análú isteach. Sa Ghaeilge, deirtear go bhfuiltear ag ''caitheamh'' tobac, ach úsáidtear an leagan ''tobac a ól'' freisin, go háirithe sna canúintí deisceartacha.
 
Is é an ''Nicotiana tabacum'' an cineál is mó a chuirtear,<ref>http://kids.britannica.com/comptons/article-208927/tobacco</ref> ach baintear úsáid as an gcineál ''Nicotiana rustica'' chomh maith. Tá an ''rustica'' chomh saibhir sa nicitín is gur féidir é a úsáid le nicitín a tháirgeadh mar fheithidicíd. Bíonn na [[Seaman|seamain]] bhundúchasacha i [[Meiriceá Theas]] ag úsáid an chineáil sin mar dhruga sícideileach freisin.
 
== An Planda ==