An difríocht idir athruithe ar: "Maoracht éisc"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 26:
 
Ar feadh na mílte blian, tógadh éisc i gcomhair bia i linnte agus locháin. Ar uairibh, bheadh éisc le dathanna geala nó ceansa a luacháil mar pheataí seachas mar bhia. Choimeád a lán cultúir eile éisc ní amhain chun críocha feidhmiúla ach freisin mar ornáidí.
 
Choinneáil na Sean-Suiméaraigh éisc fiáine, a gabhadh san fhiántas, i locháin, roimh iad a ullmhú le haghaidh béilí. Tá cur síos ar an iasc naofa ''Oxyrhynchus'' i mbraighdeanas i linnte dronuilleogacha teampall, ar fáil san ealaín ársa Éigipteach .
 
Mar an gcéanna, leis na ciantaibh, bhí sé de nós san Áis goirt ríses a stocáil le héisc inite fhionnuisce, lena n-áirítear cineálacha éagsúla cat mara agus ciprinid. Cuireadh tús le pórú roghnach na gcarbán breis is 2000 bliain ó shin sa tSeapáin agus an tSínisteach agus sa lá ata inniu ann tá Koi agus an t-iasc órga mar thoradh air. Thóg na Sínigh éisc órga istigh i rith na ríshliocht Song chun taitneamh a bhaint astu, i soithí ceirmeacha móra.
 
San Eoraip, le linn na Meánaoise, bhí linnte Carbán mar ghné chaighdeánach sna heastáit agus mainistreacha, ag soláthar rogha eile bia ar laethanta féile nuair nach bhféadfaí feoil a ithe ar chúiseanna creidimh.
 
Bhí an meas céanna roimh éisc mara ar feadh na gcéadta bliain. Choinneáil Rómhánaigh saibhre [[loimpre|loimprí]] agus éisc eile i linnte uisce salann. Thug [[Tertullian]] le fios gur íoc [[Asinius Celer]] 8000 [[sesterce]] le haghaidh [[milléad|milléid]] den chéad scoth. Thuairisc Cicero gur shil an t-abhcóide Quintus Hortensius nuair a fuair amach go bhfuair a iasc ba mhó fabhar bás. Thagair sé, go searbhasach, do na maorachtí éisc mar an Piscinarii, an "úinéirí lochán éisc " nó "póraitheoirí éisc",
 
mar shampla nuair a dúirt sé "... níor cheil na saibhir (sé sin do chairde 'na piscinarii') a n-éad romham".
 
 
 
 
[[Catagóir:Iasceolaíocht]]