An difríocht idir athruithe ar: "Aontachtóirí na hÉireann"

Content deleted Content added
Líne 23:
== Aontachtóirí nó Dílseoirí? ==
 
Is minic nach n-aithníonn na meáin chumarsáide na h-"Aontachtóirí" agus na "[[Dílseoir|Dílseoirí]]" thar a chéile. Mar sin féin, bíonn sé níos coitianta an téarma úd "Dílseoir" a úsáid le tagairt a dhéanamh do lucht antoisceachais atá sásta droichead a dhéanamh den [[dlí]] is den cheart leis an ''status quo'' a choinneáil i bhfeidhm sa Tuaisceart nó a bhfuil a ndearcadh ar na cúrsaí neamhghéilliúlach as an ngnáth. An chuid is mó de na hAontachtóirí, ní thabharfaidís "Dílseoirí" orthu féin. Go bunúsach, cuimsíonn an téarma "Aontachtóir" gach duine a dteastaíonn uaidh an [[Ríocht Aontaithe]], agus an chuma atá uirthi inniu, a choinneáil aontaithe. Mar sin, is féidir an dá chiall a bhaint as an bhfocal "dílseoir": dílseacht don Aontacht, nó dílseacht do Choróin na Breataine Móire.
 
Ar an taobh eile den chlaí, is gnách ''Poblachtánaigh'' a thabhairt ar an gcuid sin de na Náisiúnaithe a bhíodh sásta, sna laethanta a bhí, dul i muinín na láimhe láidire le hathaontú na hÉireann a bhaint amach, nó a bhfuil luiteamas acu leis an ngleic armtha i gcónaí.