An difríocht idir athruithe ar: "Aontachtóirí na hÉireann"

Content deleted Content added
Líne 27:
Ar an taobh eile den chlaí, is gnách ''Poblachtánaigh'' a thabhairt ar an gcuid sin de na Náisiúnaithe a bhíodh sásta, sna laethanta a bhí, dul i muinín na láimhe láidire le hathaontú na hÉireann a bhaint amach, nó a bhfuil luiteamas acu leis an ngleic armtha i gcónaí.
 
Nuair a chuaigh na Poblachtánaigh i dtuilleamaí an fhoréigin, b'é stáitín an Tuaiscirt agus a chuid fórsaí slándála a bhí thíos leis, an chuid ba mhó den am, cé go ndearnadh ionsaithe ar an stát Deisceartach (an [[Saorstát Éireann|Saorstát]], nó an [[Poblacht na hÉireann|Phoblacht]]) chomh maith, ó am go ham, nó bhí go leor Poblachtánaigh den tuairim nach raibh an stát Deisceartach puinn ní ba dlisteanaí ná an stáitín Tuaisceartach. Bhí an naimhdeas seo bunaithe ar an scoilt a tháinig ar na Náisiúnaithe Éireannacha le linn [[Cogadh Cathartha na hÉireann|Chogadh Cathartha na hÉireann]]. An téarma úd ''Náisiúnaí'', arís, tagraíonn sé dóibh siúd nár chrom riamh ar an ngleic armtha leis an g[[Críochdheighilt na hÉireann|Críochdheighilt]] a chur ar ceal. Sa chiall seo, is Náisiúnaithe iad siúd a thacaigh le polasaithe bunreachtúla na bpáirtithe measartha Caitliceacha, cosúil leis an [[SDLP]].
 
== Stair na hAontachtóireachta ==