An difríocht idir athruithe ar: "Oileán Norfolk"

Content deleted Content added
No edit summary
Coimeád na clibeanna
Líne 6:
Is oileán beag san Aigéan Ciúin é '''Oileán Norfolk''' (sa teanga Norfolk: ''Norfuk Ailen'') agus é suite idir an [[Astráil]], an [[Nua-Shéalainn]] agus an [[Nua-Chaladóin]]. Tá an t-oileán mar pháirt de Chomhlathas na hAstráile, ach tá méid áirithe féin-rialtais ann. Is críoch sheachtrach na hAstráile é, in éineacht le dhá oileán cóngarach dó. Is é péine Oileán Norfolk siomból an oileáin, é á léiriú ar bhratach an oileáin. Tá an crann dúchasach don oileán, agus tá sé éirithe coiteann mar chrann maisithe coiteann san Astráil freisin, áit ina fhásann dhá speiceas gaolmhara léi.
 
Bhí Oileán Norfolk lonnaithe ag marnéiligh thoir-Pholainéiseacha ar dtús. Tháinig siad seo ó na h[[Oileáin Kermadec]] (taobh ó thuaidh ó Oileán Thuaidh na Nua-ShéalainnShéalainne. Shroich siad an t-oileán sa 14ú nó 15ú haois, agus mhair siad ann ar feadh roinnt glúinte sular imigh siad ón oileán.
 
Ba é an Captaen [[James Cook]] an chéad Eorapach fiosrach chun an oileán a fheiscint (i 1774), ar a dhara aistear go dtí deisceart an Aigéin Chiúin. Bhí an t-oileán ainmnithe tar éis an Bhaindiúc Norfolk sa Bhreatain, bean chéile Éadmhard Hobháird, an 9ú Diúc Norfolk (1685-1777).