An difríocht idir athruithe ar: "An Meán-domhan"
Content deleted Content added
Líne 27:
=== An Meán-domhan féin ===
Ar dtús, bhí cuma shiméadrach ar an Meán-domhan, ach ansin, rinne Melkor (
Diosca mín a bhí in Arda ar dtús. Chruthaigh na ''Valar'' dhá lampa mhóra mhillteanacha le solas a thabhairt: Illuin agus Ormal. Thóg an ''Vala'' Aulë, an saor agus an tógálaí, - thóg sé dhá thúr mhóra, Helcar i bhfad ó thuaidh agus Ringil i bhfad ó theas. Cuireadh Illuin ar Helcar, agus shuigh na ''Valar'' Ormal ar Ringil. Idir an dá lampa, san áit a raibh an dá chineál solas á mheascadh, bhí cónaí ar na ''Valar'' in oileán Almaren. Nuair a mhill Melkor an dá lampa, scriosadh oileán Almaren, agus fágadh farraigí móra san áit a raibh na lampaí. Chuaigh na ''Valar'' chun cónaithe taobh amuigh den Mheán-domhan go dtí Aman, áit ar bhunaigh siad a ríocht féin, ''Valinor''. Tugadh Farraige Helcar ar an bhfarraige thuaidh, agus baisteadh an t-ainm ''Beleriand'' ar na críocha taobh thiar de na Sléibhte Gorma. Chruthaigh Melkor sliabhraon nua, Sléibhte an Cheo (''The Misty Mountains'') le cur as don ''Vala'' Oromë, a raibh de nós aige dul ag sealgaireacht sa Mheán-domhan fiú i ndiaidh do na ''Valar'' aistriú go Valinor.
|