An difríocht idir athruithe ar: "An Téaváin"
Content deleted Content added
→Stair: cupla nasc |
|||
Líne 32:
Ba iad na Portaingéalaigh a bhaist an t-ainm ''Formósa'' ar an oileán sa bhliain 1544, ach ba iad na hOllannaigh ba túisce a bhunaigh stáisiún trádála sa Téaváin, sa bhliain 1624. Thosaigh siad ag iompórtáil lucht oibre ó mhórthír na Síne, agus chuir a lán de na hoibrithe seo fúthu ansin go seasta. Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh na [[An Spáinn|Spáinnigh]] i dtír i dtuaisceart an oileáin, agus d'fhorghabh siad an chuid den oileán ina bhfuil cathair Keelung inniu. Sa bhliain 1642, áfach, chuir na hOllannaigh agus a gcuid comhghuaillithe dúchasacha ruaigeadh ar na Spáinnigh as an oileán.
B'éigean do na hOllannaigh glanadh amach leo sa bhliain 1662, nuair a d'fhorghabh an t-aimiréal Síneach Koxinga é. San am seo, bhí na [[An Mhanchúir|Manchúraigh]] díreach ag cur deiridh le rítheaghlach Ming sa tSín, agus theastaigh ó Koxinga bunáit a chur ar bun sa Téaváin do lucht leanúna Ming. D'éirigh leis na Manchúraigh, áfach, oidhre deireanach an rítheaghlaigh a mharú. Mar sin, níor fhéad Koxinga ach stát neamhspleách a dhéanamh den Téaváin - Ríocht Tungning, mar a thugtaí air. Fuair Koxinga bás go gairid tar éis dó an stát a bhunú, ach mhair an ríocht go dtí an bhliain 1683, nuair a tháinig an tAimiréal Shi Lang ó Dheisceart [[Fujian]] le cabhlach mór cogaidh chun an t-oileán a ghabháil don tSín, a bhí á rialú ag rítheaghlach Manchúrach Qing anois. Ina dhiaidh sin féin, mhair na húdaráis Shíneacha go ceann i bhfad ag iarraidh na bundúchasaigh agus na foghlaithe mara san oileán a chloí, agus na Sínigh ón mórthír ag tonnadh isteach le cur fúthu sa Téaváin. Cosúil leis na hIndiaigh san [[An tIarthar Fiáin|Iarthar Fiáin]] bhí na bundúchasaigh ag cur ar a son in aghaidh na muintire isteach, agus bhí cathanna móra ann.
[[Íomhá:1896 map of Taiwan.png|mionsamhail|upright|Léarscáil ón mbliain 1896]]
Líne 41:
Sna blianta 1894-5, áfach, chuir an tSín agus an tSeapáin cogadh ar a chéile, agus ba é toradh an chogaidh go ndeachaigh an Téaváin agus oileáin Penghu ó lámh na Síne go lámh na Seapáine. Iad siúd sa Téaváin ar rogha leo fanacht ina ngéillsinigh Shíneacha fágadh spás dhá bhliain acu lena gcuid maoine saolta san oileáin a dhíol agus cur fúthu ar an mórthír. Ní mó ná sásta a bhí na Téavánaigh leis an gconradh síochána seo - [[Conradh Shimonoseki]] - agus ar an 25 Bealtaine 1895, d'fhógair dornán statseirbhíseach ardchéimíochta Síneacha poblacht den Téaváin le muintir an oileáin a spreagadh chun frithbheartaíochta in aghaidh na Seapánach. Chuir na Seapánaigh ceannairc na "bpoblachtánach" faoi chois le lámh láidir, agus níor mhair an phoblacht oiread is leathbhliain, nó tháinig deireadh léi i Mí Dheireadh Fómhair na bliana céanna. Ní raibh poblacht cheart ann ach an oiread: na státseirbhísigh a bhunaigh í, bhí siad ag iarraidh cumhacht Impire na Síne a athbhunú san oileán seachas neamhspleáchas a bhaint amach don Téaváin.
Bhí na Seapánaigh ag caitheamh go garbh gairgeach le muintir na
San am chéanna bhí na Seapánaigh ag cogaíocht go brúidiúil le frithbheartaíocht mhuintir an oileáin a chloí. Ar dtús ba iad na treallchogaithe Síneacha a bhí á dtroid acu, agus ina dhiaidh sin, chrom siad ar na bundúchasaigh sna sléibhte a thabhairt chun síochána. Ba é ceannairc na treibhe úd ''Seediq'' i Wushe an teagmháil ab fhuiltí idir na Seapánaigh agus na Téavánaigh dhúchasacha. Mharaigh na ''Seediq'' 130 Seapánach i sráidbhaile Wushe ar an 27 Deireadh Fómhair 1930, agus maraíodh breis is míle ''Seediq'' nuair a tháinig na saighdiúirí Seapánacha ag imirt díoltais ar an treibh.
Timpeall na bliana 1935 thosaigh na Seapánaigh ag tabhairt mhuintir na háite chun Seapánachais: chaithfidís cuma na Seapáinise a chur ar a gcuid ainmneacha agus Seapáinis a fhoghlaim is a labhairt le chéile, oiread agus ab fhéidir. Nuair a thosaigh an [[Dara Cogadh Domhanda]], chuaigh fiche míle Téavánach sna saighdiúirí i bhfórsaí armtha na Seapáine. Mar shampla, bhí deartháir le Lee Teng-hui (polaiteoir Téavánach arbh é Uachtarán na Téaváine é sna blianta 1988-2000) ina shaighdiúir Seapánach le linn an chogaidh, agus fuair sé bás i bpáirc an áir sna hOileáin Fhilipíneacha. Bhaineadh Cabhlach Impiriúil na Seapáine an-leas as cuanta na Téaváine, agus bhí meitheal smaointe impiriúlachais an Chabhlaigh, "Grúpa an Bhuille Theas", lonnaithe in Ollscoil Impiriúil Taihoku in Taipei. I Mí Dheireadh Fómhair na bliana 1944 cuireadh mór-aerchath ar fud chóstaí thoir na Téaváine, Oileáin Ryukyu, agus Okinawa, idir na Meiriceánaigh agus na Seapánaigh, agus na haerdhíormaí Seapánacha a throid sa chath seo bhí siad lonnaithe sa Téaváin, an chuid is mó acu. Bhíodh na Meiriceánaigh ag buamáil na Téaváine freisin, ó bhí bunáiteanna míleata agus gléasraí tionsclaíochta de chuid na Seapánach san oileán.
Ar an 25 Deireadh Fómhair 1945 thug Cabhlach na Stát Aontaithe isteach trúpaí míleata Síneacha - is é sin, trúpaí de chuid Phoblacht na Síne - go Taipei (nó Taihoku, mar a thugadh na Seapánaigh ar an áit) le go bhféadfaidís glacadh le géilleadh na Seapáine go hoifigiúil ansin. Shínigh an Ginearál Rikichi Ando, a bhí i gceannas ar na fórsaí armtha Seapánacha san oileán agus a raibh freagracht air as riarachán uile an oileáin mar Ghobharnóir Ginearáil, shínigh sé an conradh ar a dtugtar an Ionstraim um Ghéilleadh na Seapáine. Ansin, chuaigh an t-údarás ab airde sa Téaváin ó lámh Ando go lámh an Ghinearáil Chen Yi. D'fhógair Chen Yi gurbh é sin Lá Athbhronnta na Téaváine, ach ba é an tátal na gComhghuaillithe go raibh an Téaváin agus Oileáin Penghu faoi fhorlámhas na Seapáine i gcónaí, cé go raibh na hoileáin forghafa go míleata ag na Sínigh. Níor athraigh an dearcadh ach sa bhliain 1953.
|