An difríocht idir athruithe ar: "An Téaváin"

Content deleted Content added
→‎Stair: cupla nasc
Líne 35:
 
[[Íomhá:1896 map of Taiwan.png|mionsamhail|upright|Léarscáil ón mbliain 1896]]
Sna blianta 1894-5 bhí cogadh á chur idir an Fhrainc agus an tSín, agus cathanna á gcur in Oileáin Penghu agus i dtuaisceart na Téaváine. D'fhorghabh na Francaigh Keelung, baile cuain [[Taipei]], ar an 1 Meán Fómhair 1894, ach cúpla lá ina dhiaidh sin briseadh cath mór orthu in Tamsui. Bhí na Francaigh in ann roinnt cathanna a bhuachan fós, ach mar a d'iompaigh na cúrsaí amach ní raibh rath i ndán dá bhfeachtas timpeall Keelung, agus sa deireadh b'éigean dóibh glanadh leo as Keelung agus Oileáin Penghu.
 
Sa bhliain 1885 rinneadh cúige inti féin den Téaváin - roimhe sin, ní raibh inti ach cuid de chúige Fujian. Sna sálaí ag an athrú stádais seo tháinig oibreacha móra forbartha, agus cuma nua-aimseartha á cur ar an Téaváin. Cuireadh seirbhísí poist ar bun san oileán, agus gearradh an chéad iarnród chomh maith.