An difríocht idir athruithe ar: "Fredericton"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Downtown Fredericton.jpg|mion|225px|dheis|Halla an bhaile agus na cúirteanna i lár Fredericton]]
Príomhchathair [[New Brunswick]], cúige de chuid [[Ceanada|Cheanada]], is ea '''Fredericton'''. Le cois rialtas an chúige, tá dhá ollscoil i bhFredericton, móide roinnt foras cultúir a leithéidí an Gailearaí Ealaíne Beaverbrook, Músaem York Sunbury agus The Playhouse, a dhéanann freastal ar lucht na n-ealaíon léirithe. Bíonn féile cheoil bhliantúil ann, mar atá an Harvest Jass & Blues Festival, agus tá ráth ar cheoltóirí indie rock ann.
 
Tá Fredericton suite i lár thiar theas New Brunswick, ar an Abhainn St. John. Tá an rannóg phoiblí tábhachtach i ngeilleagar na cathrach mar gheall ar a stádas mar phríomhchathair an chúige ach tá an rannóg trádálach agus teicneolaíocht faisnéise láidir chomh maith. De réir an daonáirimh sa bhliain 2011, bhí 56,224 duine ina gcónaí i bhFredericton féin agus 94,268 i mórcheantar na cathrach. Is é Fredericton an tríú cathair is mó sa chúige: tá [[Saint John]] agus [[Moncton]] níos mó ná é.