An difríocht idir athruithe ar: "Pádraig Mac Piarais"

Content deleted Content added
Líne 26:
== Tús a Shaoil ==
[[Íomhá:Birthplace of Patrick and William Pearse.jpg|200px|clé|thumb|27 Sráid an Phiarsaigh, áit ina rugadh Pádraig agus [[Liam Mac Piarais]].]]
Rugadh Pádraig Mac Piarais i dteach ag 27 Great Brunswick Street ([[Sráid an Phiarsaigh]] inniu) i m[[Baile Átha Cliath]] sa bhliain [[1879]]. [[Dealbhóireacht|Dealbhóir]] agus saor cloiche ó [[BerminghamBirmingham|BherminghamBhirmingham]] [[Sasana|Shasana]] ó dhúchas a bhí ina athair James, Protastúnach a chuir a ghnó féin ar bun sna 1850idí a bhain rath nach beag amach. Dá bhrí sin, clann compordach meánaicmeach a bhí iontu.
 
Fuair sé a chuid bunoideachais ó na [[na Bráithre Críostaí]]. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé ag staidéar san Ollscoil Ríoga. Chuaigh sé le dlí i dtosach, ach níor lean sé den cheird sin, nó bhí dímheas aige ar an dlíodóireacht mar rud. Aon uair amháin, áfach, chosain sé fear ón n[[Gaeltacht]] ar cuireadh an dlí air nuair a litrigh sé a ainm as [[Gaeilge]] ar a charr. Chuir sé [[Scoil Éanna]] ar bun, arbh í an chéad scoil dhátheangach sa tír le blianta fada. Léirigh sé a dhearcadh faoin oideachas ina leabhar 'The Murder Machine', agus b'í an Scoil Náisiúnta an "meaisín" a bhí i gceist aige, ó bhí sé barúlach gurb í an scoil sin a bhí ag déanamh cabhóg na Gaeilge. Bhí suim aige sa Ghaeilge ó thús a óige. Chuaigh sé i g[[Conradh na Gaeilge]] sa bhliain [[1896]] agus bhí sé ina bhall den Choiste Gnó nuair a bhí sé fiche bliain d'aois.