An difríocht idir athruithe ar: "Na Cogaí Púnacha"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 18:
Chaith an Chartaig na blianta i ndiaidh an chogaidh ag cur feabhais ar a cuid chúrsaí airgeadais agus ag leathnú a Impireacht choilíneach in [[Hispania]], faoin teaghlach míleata 'Uí Bharcid'. Bhí aird na Róimhe dírithe, den chuid is mó, ar na chogaidh Illíreacha. Sa bhliain 219 RC, d'ionsaigh [[Hannibal]], mac Hamilcar Barca, [[Saguntum]] in Hispania, cathair a bhí ina comhghuaillithe ag an Róimh, agus cuireadh tús leis an [[Dara Cogadh Púnach]].
 
== An Tréimhse idir an Chéad agus an Dara Cogadh Púnach==
 
De réir [[Polibius]] bhí roinnt comhaontuithe trádála idir an Róimh agus an Chartaig, fiú comhghuaillíocht chomhpháirteach i gcoinne an rí [[Piorr Epirót]]. Nuair a rinne an Róimh agus na Cartagaigh síocháin sa bhliain 241 RC, scaoileadh saor na 8,000 príosúnach cogaidh go léir a bhí faoi ghlas ag na Cartagaigh, agus ní raibh ar an Róimh aon airgid fhuascailte a íoch astu, ina theannta sin, fuair an Róimh roinnt mhaith airgid mar slánaíocht chogaidh. Mar sin féin, dhiúltaigh na Cartagaigh na tréigtheoirí Rómhánacha a bhí ag fónamh i measc a gcuid trúpaí a sheachadadh go dtí an Róimh.
D'éirigh an chéad conradh a bhí eatarthu ina cnámh spáirne, conradh a bhí comhaontaithe idir Amlicar Barca agus ceannasaí Rómhánach na Sicile. Bhí alt ann sa chonradh seo ina raibh sé leagtha síos mar choinníoll go raibh ar tionól coiteann na Rómhánach glacadh leis an gconradh d'fhonn é a bheith bailí. Ar an drochuair, dhiúltaigh an tionól an conradh agus d'ardaigh sé an meid slánaíochta a bhí ar an Chártaig a íoch.
 
[[Catagóir:Stair na hEorpa]]