An difríocht idir athruithe ar: "Óivid"
No edit summary |
(No difference)
|
Leagan ó 23:56, 8 Eanáir 2005
File Rómhánach ab ea Publius Ovidius Naso (Márta 20, 43 RC – AD 17), ar a dtugtar Oivid as Gaeilge. Scríobh sé ar an ghrá, ar mná tréigthe, agus ar claochluithe miotasacha.
Scríobh Oivid a chuid saothair as leathrainn caointeacha, ach amháin an shaothar mhór Metamorphoses, a scríobh sé as heicsiméadar dachtaileach ar mhúnla na hAeniade Veirgile agus na heipicí Hóiméir. Ní scéal eipiceach ar nós a réamhtheachtaithe a chuireann Oivid in iúl, ach cuntas an chosmais de réir dátí, ón chruthú chuig a aimsir láithreach. Cuireann sé go leor miotais agus seanscéalta san áireamh as na traidisiúin Gréagach agus Rómhánach.
Chuir Ágastas an ruaig ar Oivid in AD 8 chuig Tomis ar an Mhuir Dhubh, ach tá sé rúndiamhair fós cén fáth go rinne sé é sin (scríobh Oivid e féin gur error agus carmen – botún agus dán – ba chúis leis. B'fhéidir go raibh sé mór le gaol Ágastais tamall, agus b'fhéidir gurb é Ars Amatoria an carmen a raibh i gceist aige, an saothar in ainm agus a bheith mímhorálta a raibh ar fáil ar feadh tamaill.
Saothair
- Amores ('Na Gránna'), 5 leabhair, a scríobhadh i ndiaidh 20 RC (athbhreithnithe bheith 3 leabhair timpeall AD 1).
- Heroides ('Na Banhéaróis') nó Epistulae Heroidum ('Litreacha na mBanhéarós'), 21 litreacha. Scríobhadh an chéad grúpa (na litreacha 1–15) timpeall 15 RC, agus scríobhadh na litreacha 16–21 timpeall AD 4-8.
- Ars Amatoria ('Ealaín an Grá'), 3 leabhair. Scríobhadh an chéad bheirt timpeall 1 RC go AD 1, agus an tríú ceann beagán ina dhiaidh.
- Remedium Amoris ('An Leigheas don Grá'). Leabhar amháin.
- Medicamina Faciei Femineae ('Cosmaidí Aghaidhe na Ban'). Ni mhaireann ach 100 líne.
- Medea, traigéide caillte faoi Mhedea.
- Metamorphoses ('Claochluithe'), 15 leabhair.
- Fasti ('Féilte'). Maireann 6 leabhair a thrachtann leis an chéad 6 míonna den bliain agus a chuireann eolas sainiúil ar fáil faoin bhféilire Rómhánach.
- Tristia ('Sorrows'). Leabhair amháin, i ndiaidh AD 8.
- Epistulae ex Ponto ('Litreacha ón Mhuir Dhubh'). 4 leabhair, i ndiaidh AD 8
- Ibis, dán amháin, i ndiaidh AD 8.
- Haleutica ('Faoin Iascaireacht'). Is dócha nach mhair an saothar seo chuig an lae atá inniú (féach thíos).
- dán sa Gheitis, teanga a labhraíodh sa tír ina theith Oivid. Ní mhaireann an dán (b'fhéidir go bhfuil sé breagach).
Cuirtear na dánta seo síos do Oivid, ach meastar go leathan nach rinne sé iad:
- Nux ('Crann Gallchnó')
- Consolatio ad Liviam ('Sólás do Livia')
- Haleutica ('Faoin Iascaireacht'), dán a chuireann roinnt daoine síos don dán den ainm chéanna a rinne Oivid.