An difríocht idir athruithe ar: "An Bheilg"

Content deleted Content added
Eusc (plé | dréachtaí)
Eusc (plé | dréachtaí)
Líne 56:
Bhí an Bheilg faoi smacht ag tíortha éagsúla, ag an bhFhrainc agus ag an Ísiltír go háirithe, agus ag an Spáinn go dtí gur tharla an tAthrú Creidimh agus bunú Phoblachta na hOlloine. Nuair a ghnóthaigh na cúigí sa tuaisceart a neamhspleáchas i riocht ''an Ísiltír'' (an Ollainn) bhí an Bheilg faoi smacht na hOstaire ar feadh tamaill go dtí gur ghabh fórsaí impiriúla Napoleon seilbh uirthi ar feadh cúpla bliain. Aontaíodh an Bheilg leis an Ísiltír nuair a bhí cogadh Napoleon thart, ach bhain sí a neamhspleáchas amach in [[1830]] nuair a bhris réabhlóid amach sa tír. Ach fós cloistear an logainm: Ísiltír na Spáine.
 
Tháinig cumhachtaí móra na hEorpa le chéile chun Prionsa Leopolt ón mBaváirm[[An Bhaváir|Baváir]] a inshealbhú mar [[Leopold I, An tImpire Naofa RómhánachBheilg|Rí Leopold I]] (tairgeadh ríocht na Gréige dó roimhe sin ach dhiúltaigh sé é). Rinne an Isiltír ionradh ar an mBeilg i 1831 agus bhí cogadh idir an dá thír go dtí gur aithin an Ísiltír neamhspleáchas na Beilge sa bhliain [[1839]].
 
De thoradh Chomhdháil Berlin [[1885]] ghlac an Bheilg páirt i gcóilíniú na hAfraice, agus ghabh seilbh ar sciar ollmhór talún in abhanntracht an Chongó. Fearann pearsanta dá chuid féin a bhí sa chóilíneacht seo don [[rí Leopold II]] agus ba mhór an scanall an drochíde a tugadh do dhúchasaigh na tíre. Bhí an-tóir ar rubar agus úsáideadh imeaglú, céasadh, dúnmharú agus leonadh chun sclábhaithe a dhéanamh de mhuintir na tíre. Bhí an-bhaint ag an tírghráthóir Éireannach, [[Ruairí Mac Easmainn]], le nochtú an drochíde seo agus mar gheall ar an mbrú idirnáisiúnta a d'eascair as a chuid tuairiscí, b'éigean don Rí an chóilíneacht a chur i lámha an stáit.