An difríocht idir athruithe ar: "Veiniséala"
Content deleted Content added
Eomurchadha (plé | dréachtaí) No edit summary |
Nasc |
||
Líne 46:
Ba é an [[cócó]] príomhtháirge na tíre ar feadh cúpla céad bliain, agus tháinig daoine anois ón Spáinn chun dul i mbun [[feirmeoireacht]]a. Bhain siad úsáid as sclábhaire ón [[Afraic]] chomh maith, agus rinneadh forbairt ar bharraí eile ar nós [[cadás]], [[siúcra]], [[caifé]] agus [tobac]]. Is cuid thábhachtach de chultúr Veineiséala traidisiúin, ceol agus amhráin na sclábhaithe.
Rinne [[Francisco de Miranda]], a chaith seal in arm na Spáinne, agus a bhí páirteach i gcogadh saoirse [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] agus i [[Réabhlóid na Fraince]], iarracht neamhspleáchas a bhaint amach do Veiniséala, ach ní raibh aird ar bith air, agus níor tháinig gluaiseacht na saoirse chun cinn go dtí gur ghabh [[Napoleon]] seilbh ar an Spáinn. D'úsáid lucht rachmais Veiniséala an t-ionradh sin mar leithscéal chun neamhspleáchas a fhógairt i mí [[Iúil]] [[1811]]. Bhí [[
Tháinig ceannairí éagsúla míleata i gcomharbacht ar a chéile sa tréimhse ar a dtugtar an '[[Caudillismo]]' agus bhí cogadh cathardha sa tír idir na coimeádaigh agus na liobrálaigh sna blianta [[1859]]-[[1863]]. Ba iad na liobrálaigh a bhuaigh an cogadh sin, ach ba iad na ginearáil a choinnigh an chumhacht.
|