Galar daonna is ea '''diftéire''' atá cúisithe ag an [[bachaillín]] [[Corynebacterium diphtheriae]]. Galar baictéarach tógálach a d'fhéadfadh cumhdach tiubh a chruthú sa tsrón, sa scórnach nó san aer-phíobán atá ann. Bíonn na baictéir as a n‑éiríonn diftéire le fáil i mbéal, i scornach agus i srón duine atá ionfhabhtaithe. Is féidir na baictéir seo a chur ar aghaidh go daoine eile go héasca eile trí bhraonacha taise a scaipeadh le casacht nó le sraothanna. Uaireanta leanann deacrachtaí slogtha, giorra anála agus plúchadh as an diftéire. Is tinneas tromchúiseach é diftéire. Gheobhaidh duine amháin as gach 15, a bhfuil an diftéire orthu, bás dá bharr. Cruthaíonn an diftéire [[tocsain]] (nimh) chumhachtach a dhéanann dochar do bhaill agus d’fhíocháin an choirp. Uaireanta leanann aimhréidhe eile as sin, cosúil le [[pairilis]], [[cliseadh croí]] nó bás.