An difríocht idir athruithe ar: "An Afracáinis"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 23:
===Caighdeánú===
 
Deir an teangeolaí [[Paul Roberge]] gur breacadh an Afracáinis síos an chéad uair sa bhliain [[1795]]. Ní raibh i gceist san am sin ach cineál raiméis véarsaíochta. Sa chéad leath den naoú haois déag féin, ba í an Ollainnis chaighdeánach an teanga ina ndéanadh na Bóraigh a gcuid léitheoireachta. Bhí an-ról i gcaighdeánú na teanga ag L.H.Meurant, a d'fhoilsigh ''Zamenspraak tusschen Klaas Waarzegger en Jan Twyfelaar'' sa bhliain 1861. Iriseoireacht pholaitiúil atá i gceist leis an ''Zamenspraak'' seo (is é is ciall leis an teideal ná "Comhrá idir Nioclás Fírinneach agus Eoin Amhrasach") agus is é is ábhar don téacs ná gluaiseacht neamhspleáchais Choilíneacht na Rinne. Go gairid ina dhiaidh sin d'fhoilsigh an scoláire Ioslamach Abubakr Effendi treoirleabhar reiligiúnach do Mhuslamaigh na hAfraice Theas sa teanga, agus é ag úsáid na litreach Arabach. Bhí teanga Abubakr an-congarach don Afracáinis labhartha - níos cóngaraí ná stíl Meurant a raibh blas na hOllainnise uirthi go fóill. Ba é Cumann na bhFíor-Afracánach, nó ''Genootschap vir Regte Afrikaners'', i g[[Cathair na Rinne (An Afraic Theas)|Cathair na Rinne]] a d'fhoilsigh an chéad fhoclóir Afracáinise agus an chéad ghráiméarghraiméar, sa bhliain [[1875]].
 
Nuair a tháinig stát na hAfraice Theas ar an bhfód sa bhliain [[1910]], ba iad an Béarla agus an Ollainnis na teangacha oifigiúla. Sa bhliain [[1925]], cuireadh an Afracáinis in áit na hOllainnise.