An difríocht idir athruithe ar: "An Nachuáitlis"

Content deleted Content added
Legobot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 2 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q13300 (translate me)
m nasc
Líne 7:
Tá flúirse litríochta ar fáil sa ''Nahuatl'' Chlasaiceach. Mhair an teanga liteartha á saothrú ar feadh i bhfad ag na manaigh Chríostaí féin, agus iad ag scríobh scéalta cráifeacha Caitliceacha sa teanga leis an gcreideamh a chraobhscaoileadh i measc na mbundúchasach. Bhí sí fiú ina teanga riaracháin i gcuid mhaith bailte móra. Níor tháinig deireadh leis seo ach sa bhliain 1696, nuair a choisc Séarlas a Dó, Rí na Spáinne, teangacha oifigiúla eile seachas an Spáinnis ar fud a Impireachta. Sa bhliain 1770, tháinig reacht nua a chuir deireadh le saothrú an leagain chlasaicigh den ''Nahuatl''. Níor fágadh ach canúintí labhartha in úsáid ina dhiaidh sin.
 
Cé nach bhfuil ach teanga mhionlaigh sa ''Nahuatl'' inniu, bhí tionchar tábhachtach aici ar an Spáinnis lena lá. Fuair an Spáinnis a lán téarmaí ar iasacht ón teanga sin le coincheapa nua an Oileáin Úir a ainmniú, agus chuaigh na focail ''Nahuatl'' tríd an Spáinnis ar fud an domhain. Focail ''Nahuatl'' iad ó thús "seacláid" (''xocolatl'', a chiallaíonn "uisce searbh": bhí deoch seacláide na nAstacach searbh), "cadhóit" (mac tíre an Oileáin Úir, ''coyotl''), an piobar ''chili'', agus an t-[[abhacád]] (an toradh glas - is é is bunchiall leis an bhfocal ''Nahuatl'' ná "magairle", ó shíl na hAstacaigh go raibh an toradh cosúil le magairle ar a dhéanamh).
 
Bhain an [[Réabhlóid Mheicsiceo|réabhlóidí]] [[Emiliano Zapata]] úsáid as an ''Nahuatl'' scríofa nuair a bhí sé ag gríosú na mbundúchasach chun cogaidh in aghaidh Venustiano Carranza sa bhliain 1918. Seo forógra a bhreac sé síos. Bhain sé úsáid as litriú na Spáinnise de réir mar a rith leis, agus ní fhreastalaíonn an litriú tobchumtha seo go rómhaith ar fhuaimeanna na teanga.