Hello. I'm wikipedia redactor from Poland. I'm trying to get article about one of the major cities in Poland: en:Katowice in all possible languages. There is almost 60 langauage version. Could You help me translate into GA wiki version. There is a source in English and French and some more languages. Just a few sentences. Please help.

Best Regards StimorollTalk

P.S. If You do that, please put interwiki link into english version.

Ainmneacha Teangacha as Gaeilge cuir in eagar

Is dóigh gur leatsa an leathanach seo a bhfuil ainmneacha teangacha as Gaeilge air. An bhfuil 'fhios agat conas a líonfar na bearnaí sa leathanach seo (msh "Adyghe")? Go raibh míle maith agat as ucht an liosta a chuir ar-líne, agus sílim go mbeidh sé an-chabhrach le haghaidh an taobh teangeolaíochta den Vicipéid! Conor O Bradaigh 14:09, 16 Iúil 2006 (UTC)Reply

A Chonor, a chara - bhailigh mé an chuid is mó de na haistriúcháin sin ó fhoclóirí agus suímh Ghréasáin cosúil le [1]. Bhí roinnt mhaith eile de dhíth orainn le linn an aistriúcháin de Mozilla Firefox, agus más buan mo chuimhne, chuaigh duine den fhoireann i dteagmháil leis an gCoiste Téarmaíochta chun leaganacha "oifigiúla" a fháil. Tá leagan níos nuaí den chomhad le fáil anseo. Pointe suimiúil - is léir gur fearr leis an gCoiste ainmneacha a chríochnaíonn le consan caol, gan eisceacht (Coirnis vs. Cornais mar shampla). Más féidir leat aon bhearnaí sa liosta a líonadh, téigh i dteagmháil liom agus nuashonróidh mé an comhad iso_639 (sórt "máistirliosta" é) agus an t-aistriúchán Firefox más gá Kevin Scannell 16 Iúil 2006

GNU cuir in eagar

FYI: Tionscadal GNU. Gronky 11:57, 28 Feabhra 2007 (UTC)Reply


Ciclipéid cuir in eagar

An bhfuil ábhar ón gciclipéid Fréamh an Eolais á chur isteach sa vicí? Ba bhreá an rud é sin! Abair má tá cabhair. Eomurchadha (talk) 22:48, 10 Meitheamh 2013 (UTC) 5.149.173.250 22:41, 10 Meitheamh 2013 (UTC)Reply

Haigh arís cuir in eagar

Hi again, Kevin. Béarla arís ar an am seo, brón!

I've been in contact with someone at the WMF offices and they've responded positively re. Fréamh an Eolais. Can you possibly send me your email address so we can take things off-line and get the permissions issue sorted? Míle buíoch - Alison 06:29, 18 Iúil 2013 (UTC)Reply

Fréamh/MetaData/Cats cuir in eagar

Hiya. Quick question. Is there any Meta Data in the Fréamh content that could be used to extend the bot slightly, and possibly assign the generated articles to a category? (Even to a top-level cat? Like "Physics"? Or even deeper categories if at all possible). I ask because I'm just reviewing all the new articles, and while they are all smashing (though slightly off MOS - which isn't a major concern), none are automatically categorised. And - if at all possible - I'd like to avoid a big manual or semi-manual categorisation exercise... No problem either way - just felt I'd ask. Guliolopez (talk) 18:26, 30 Iúil 2013 (UTC)Reply

No, unfortunately, all I started with was the raw text. It was a massive job just getting the articles into the shape they're in (links, layouts of mathematical and chemical formulae, etc.) The biographical articles were formulaic enough that I was able to insert the subject names (... ab ea X ...) but otherwise I've not modified the text of the articles at all. Some kind of statistical classification would be possible but it wouldn't be 100% accurate and I'm reluctant to sacrifice the high quality of the articles with bad catagories. It would be nice to energize the community around this if possible - this seems to be a great opportunity to involve some people who maybe aren't fluent speakers. Kevin Scannell (talk) 18:41, 30 Iúil 2013 (UTC)Reply
Hi. Thanks for the quick reply (and the Trojan work - I can appreciate the effort already put-in to scripting/applying formatting, etc). I agree with your suggestion. I already have a few candidates in mind :) GRMA! Guliolopez (talk) 20:12, 30 Iúil 2013 (UTC)Reply

Tá Fáilte Romhat cuir in eagar

Tú féin atá 18% críochnaithe, áfach. Beidh muidne (mise, Antóin, srl) ag obair go cionn tamaill fhada le catcháil suas leat! Ach an t-ádh linn an méid ábhair nua seo a bheith againn. B'fhéidir go bhuil muid chun tosaigh ar Vicipéid na Breatnaise anois maidir le hábhar eolaíochta. SeoMac (talk) 18:18, 20 Lúnasa 2013 (UTC)Reply

Ainmneacha daoine cuir in eagar

Mar mhíniú duit ar a ndearna mé ar an alt Armand Hippolyte Louis Fizeau, is é an riail atá i bhféidhm ar an Vicipéid (i dteanga ar bith, ceapaim) úsáid a bhaint as an leagan is coitianta d'ainm an duine ar ábhar an ailt é mar ainm an ailt féin. Ansin, úsáidtear an leagan is iomláine den ainm sa chéad abairt den alt (go díreach mar a rinne tú. Is gnách leaganacha eile den ainm (má's ann dóibh) a lua in dhiaidh. Ar eagla nár thuig tú cad chuige mo chuid athraithe den chineál sin :-) SeoMac (talk) 02:54, 25 Deireadh Fómhair 2013 (UTC)Reply

Tuigim, grma. Seans go mbeinn in ann liosta de na difríochtaí idir na hainmneacha i mBéarla agus Gaeilge a chruthú go huathoibríoch. Fiosróidh mé an scéal. Kevin Scannell (talk) 03:02, 25 Deireadh Fómhair 2013 (UTC)Reply

Comhghairdeas cuir in eagar

Comhghairdeas leat! Tá obair an Hussybot críochnaithe, de réir chosúlachta, gí go bhfuil tú féin gnóthach go fóill, feicim. SeoMac (talk) 01:21, 13 Samhain 2013 (UTC)Reply

  Guliolopez (talk) 12:44, 20 Samhain 2013 (UTC)Reply
Go raibh míle maith agaibh a chairde! Kevin Scannell (talk) 22:09, 20 Samhain 2013 (UTC)Reply


Moladh is moladh! cuir in eagar

Táimid go mó faoi chomaoin agat arís eile. Molaim an scothobair! Moladh beag breise a bheadh agam ná róbat a chruthú a dheanfadh alt fánach a tweetáil ar twitter gach lá 'Alt Vicipéide an Lae'? Tharraingeodh sin tuilleadh airde ar na hailt éagsúla agus spreagfadh se pobal níos leithne iad a léamh is a fheabhsú! Ní thuigim conas a leithéid a chruthú ach má tá cabhair uait leis abair amach.

Taing Mhòr cuir in eagar

A charaid,

Mìle taing dhut airson na rinn thu a thaobh eadar-theangachaidhean Gàidhlig gu Gaeilge nan duilleagan a tha mi fhìn air a dheànamh. Nach math a rinn thu! Tha mi a' dol thairis air na duilleagan mu dheidhinn na sgìre seo far a bheil mi a' fuireach is mi a' toirt piseach air rud neo dha, gu seachd-àraidh ainmean-àite.


Eomurchadha (talk) 18:20, 21 Samhain 2013 (UTC)Reply

Request translation Isabelle de Charrière cuir in eagar

Hello Kevin Scannell Could you write / translate the article of Isabelle de Charrière (Q123386) for the GA.wiki? That would be appreciated. Boss-well63 (plé) 14:08, 6 Meitheamh 2020 (UTC)Reply

Lch athdhírithe go Míoltóg ghéar cuir in eagar

Tá fadhb leis an leathanach 'Míltóg ghéar' (Tagairt:https://ga.wikipedia.org/wiki/M%C3%ADolt%C3%B3g_gh%C3%A9ar) Feicim gur atreoraigh tú é chuig an Ghéineas Míltóg ghéar ón bhFine Ceratopogonidae (Tagairt: https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Ceratopogonidae&redirect=no). Ar an drochuair, ní féidir liom alt nua 'Ceratopogonidae' a chruthú anois mar gheall ar anathdhírithe! B’fhéidir go bhféadfá cabhrú leis an bhfadhb seo a réiteach?Ériugena (plé) 20:37, 17 Iúil 2020 (UTC)Reply

Gabh mo leithscéal as sin; tá mé ag déanamh go leor oibre ar Wikidata faoi láthair, agus is minic nach bhfeicim an tionchar ar na haltanna Wikipedia. Ar aon nós, is é "míoltóg ghéar" an téarma ar an bhfine iomlán Ceratopogonidae de réir téarma.ie: ([[2]]), agus ba é sin ábhar an bhunailt a scríobh An tOll. Hussey ("biting midges" i mBéarla). Sin an fáth ar nasc mé an mhír wikidata le en:Ceratopogonidae. Ní dóigh liom go bhfuil téarma oifigiúil ar an ngéineas Culicoides; mholfainn alt ar leith leis an ainm Laidine, sin nó dhá alt darn ainm "Míoltóg ghéar (fine)", "Míoltóg ghéar" (géineas)... nó comhairle a lorg ón gCoiste Téarmaiochta! Kevin Scannell (plé) 21:06, 17 Iúil 2020 (UTC)Reply
Kevin, a chara,

Tá 'Míoltóg ghéar' ag an Vicipéid , 'Meanbh-chuileag' ( Tagairt: https://gd.wikipedia.org/wiki/Meanbh-chuileag) ag an Uicipeid, agus 'Highland midge' ag Wikipedia do Culicoides impunctatus.

Tá Ceratopogonidae ag Wikipedia an Bhéarla (Dhealródh an scéal nach bhfuil leagan Béarla ann!), níl alt ag Uicipeid, ná ag an Vicipéid faoi!

Deir tú "Ar aon nós, is é "míoltóg ghéar" an téarma ar an bhfine iomlán Ceratopogonidae de réir téarma.ie: ([[3]])" Ceapaim go bhfuil dul amú agat....mar, cé go bhfuil 'biting midge' luaite ag Tearma.ie mar GA míoltóg bain2 ghéar' amháin (ní luaitear leagan laidine (ainmníocht dhéthéarmach) an speicis. Ach, tugann Tearma.ie le fios faoi 'phantom midge larva' gur GA 'larbha fir4 míoltóige taibhsiúla' agus LA Chaoborus sp é! Nach féidir leat an t-athseoladh (Athsheolta ó Ceratopogonidae) a chur ar cheal domh? Ériugena (plé) 22:17, 17 Iúil 2020 (UTC)Reply

Ní dóigh liom go bhfuil dul amú orm; tá an t-ainm Laidine Ceratopogonidae luaite le "míoltóg ghéar" ar téarma.ie; féach https://www.tearma.ie/dom/4631314/ga/ mura bhfeiceann tú é ar an nasc thuas. Maidir le Culicoides impunctatus, mhol mé dul i dteagmháil leis an Coiste Téarmaíochta. Má tá siad sásta le "míoltóg ghéar" air sin freisin, b'fhearr liom dhá alt le hidirdhealú i lúibíní, nó ainmneacha Laidineacha. Más mian leat an leathanach a athrú mar sin féin, is féidir leat an t-athdhíriú a ruaigeadh. Cliceáil "Cuir foinse in eagar" ar an leathanach https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Ceratopogonidae&redirect=no agus cuir téacs an ailt in áit an #redirect.Kevin Scannell (plé) 04:28, 18 Iúil 2020 (UTC)Reply
A Kevin, a chara,

Deir foclóir 'Merriam-Webster' an méid seo a leanas faoi 'Term' (Tagairt:https://www.merriam-webster.com/dictionary/term); 1a: focal nó abairt a bhfuil brí bheacht aige i roinnt úsáidí nó atá sainiúil d’eolaíocht, ealaín, gairm nó ábhar!

Feicim freisin go bhfuil an t-ainm Laidine Ceratopogonidae luaite le "míoltóg ghéar" ar téarma.ie, ach cén fáth nach mbeadh? Baineann an mhíoltóg áirithe seo Culicoides impunctatus leis an fhine Ceratopogonidae, ag a bhfuil circa 78 speiceas in Éirinn san iomlán. I go leor cásanna níl aon téarma oifigiúil ar fáil le haghaidh flóra agus fána agus is é ár leas é go léir tairbhe a bhaint as tacsanomaíocht Linneus.

Suimiúil go leor deir an Uicipeid; (Tagairt:https://gd.wikipedia.org/wiki/Meanbh-chuileag ) Is é an t-ainm is coitianta a úsáidtear ná mion-chuileog ach tá ainmneacha eile orthu ag brath ar chanúint agus dúiche, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

cuileag-mheanbh[2] cuileag-mhìn[3] gath-dubh[4] meara-chuileag (Cataibh)[3] mil-chuileag[2] mion-chuileag (Earra Ghàidheal)[2]

I.S. Go raibh maith agat as do tréaniarrachtaí sa chineál seo tionscadail (Vicipéid na Gaeilge). Tá an fómhar flúirseach, ach níl mórán oibrithe ann! Ériugena (plé) 10:18, 18 Iúil 2020 (UTC)Reply



Ériugena (plé) 10:18, 18 Iúil 2020 (UTC)Reply

Military intelligence files cuir in eagar

Hi. If those types of files are of interest, I have been building a little collection at Commons, as I work through transcribing s:en:Thom's Irish Who's Who. My confidence of editing here is limited to not inheriting any Irish language of my forebears. Billinghurst (plé) 21:27, 23 Iúil 2020 (UTC)Reply

Thanks, very interesting. Adding a link here to what looks the the correct category, for my own future reference! commons:Category:Military_intelligence_files Kevin Scannell (plé) 21:39, 23 Iúil 2020 (UTC)Reply

Manual revert; leabaigh nascanna idirvicí mar seo cuir in eagar

Kevin, a chara, Fóir orm, mar ní fheicim cá bhfuil an nasc sa cholún ar chlé? Ériugena (plé) 12:49, 30 Iúil 2020 (UTC)Reply

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo: en:Help:Interlanguage_links ("Adding a new link"), cúpla pictiúr a léiríonn an áit ina bhfuil an nasc. An téacs atá ann ar Vicipéid na Gaeilge ná "Add links" (i mBéarla faraor... caithfidh mé é sin a aistriú!) Kevin Scannell (plé) 13:03, 30 Iúil 2020 (UTC)Reply

Universal Code of Conduct cuir in eagar

Hi Kevin Scannell

I was asked by Wikimedia Foundation to promote this call for participation on the planned Universal Code of Conduct.

Best regards --Holder (plé) 04:29, 14 Lúnasa 2020 (UTC)Reply

At times, our contributor communities and projects have suffered from a lack of guidelines that can help us together create an environment where free knowledge can be shared safely without fear.

There has been talk about the need for a global set of conduct rules in different communities over time. Recently, Wikimedia Foundation Board of Trustees announced a Community Culture Statement, asking for new standards to address harassment and promote inclusivity across projects. [4]

The universal code of conduct will be a binding minimum set of standards across all Wikimedia projects, and will apply to all of us, staff and volunteers alike, all around the globe.. It is of great importance that we all participate in expressing our opinions and thoughts about UCoC and its values. We should think about what we want it to cover or include and what it shouldn’t include, and how it may create difficulties or help our groups.

This is the time to talk about it. Before starting drafting the code of conduct, we would like to hear from you and to solicit the opinions and feedback of your colleagues.

In order for your voice to be heard, we encourage and invite you to read more about the universal code of conduct (UCoC) [5] and then write down your opinions or feedback on the discussion page [6]. To reduce language barriers during the process, you are welcomed to translate the universal code of conduct english main page into your respective local language [7]. You and your community may choose to provide your opinions/feedback using your local languages.

Bukayo Saka cuir in eagar

I am trying to add the england flags for his international carreer because he is playing fir england. I kinda need help as u cannot edit stuff in the infobox Chocolateba (plé) 15:14, 12 Meitheamh 2022 (UTC)Reply

I'll have a look. Just please don't add more articles using Google Translate, or add translations of personal names into Irish like you did with "Salah", etc. If you're interested in contributing and you don't speak Irish, let me know and I can make some suggestions. The Irish editors are too busy to post-edit Google translated content. Kevin Scannell (plé) 21:45, 12 Meitheamh 2022 (UTC)Reply

logainmneacha cuir in eagar

Tá teimpléad éasca cruthaithe agam chun nasc a dhéanamh leis an mbunachar sonraí ‘logainm.ie’. Tá súil agam go mbeidh sé úsáideach duit! Déan triall as mar seo;

Agus, ar ndóigh, athraigh é mar is cuí leat :) - Alison plé 00:39, 16 Meitheamh 2022 (UTC)Reply

Iontach, míle buíochas! Kevin Scannell (plé) 02:35, 16 Meitheamh 2022 (UTC)Reply

Ceist mear agam duit ... cuir in eagar

... cén fáth nach bhfuil tú i do riarthóir anseo anois? Is dóigh liom go mbeadh sé sin an-úsáideach duit, chun raiméis a scriosadh, srl. Cad a cheapann tu? - Alison plé 19:20, 22 Meitheamh 2022 (UTC)Reply

Bheadh sé sin úsáideach, cinnte, GRMA. Bheinn sásta glacadh leis an ról chomh fada is a bheadh an pobal ar fad anseo sásta na cumhachtaí breise a bhronnadh orm! Kevin Scannell (plé) 20:21, 22 Meitheamh 2022 (UTC)Reply
Bhuel, b'fhéidir go bhfuil sé in am iarratas a chruthú anseo. Mar táim im' mhaorlathach, níl cead agam é a chruthú, ach is féidir leat féin é a dhéanamh? - Alison plé 21:37, 22 Meitheamh 2022 (UTC)Reply
Chruthaigh mé an t-iarratas cúpla lá ó shin. Ar chóir dom dul i mbun stocaireachta chun vótaí a fháil? :D Kevin Scannell (plé) 13:28, 25 Meitheamh 2022 (UTC)Reply

Úsáideoir:HusseyBot cuir in eagar

Tá áthas an domhain orm an róbó a fheiceáil ar ais arís ar an Vici. An bhfuil "brat róbó" nó "bot bit" ag tastáil uait dó? - Alison plé 23:14, 22 Meitheamh 2022 (UTC)Reply

Ceist cuir in eagar

Haigh, a Kevin, go raibh míle maith agat as na ceartúcháin ach tá ceist agam faoi fhrása amháin. D'athraigh tú "Bunaíodh é i X" ach tá sé agus an frása "Rugadh é i X" feicthe agam ar gaois.ie. Nach bhfuil siad sin ceart? Uair amháin eile, go raibh maith agat. Ba mhaith liom eilifintí (plé) 17:09, 8 Iúil 2022 (UTC)Reply

Tá sé níos nádúrtha an cuspóir a chur ag an deireadh nuair is forainm é. Mar shampla, deirtear "rugadh mo mháthair i 1943" ach "rugadh i 1943 í". É sin ráite, tá "rugadh í i 1943" go hiomlán intuigthe ar ndóigh... ceist stíle, sin an méid. Kevin Scannell (plé) 01:49, 9 Iúil 2022 (UTC)Reply
Ó, tá ciall leis sin, GRMA as an míniú! Ba mhaith liom eilifintí (plé) 13:48, 9 Iúil 2022 (UTC)Reply

Lada cuir in eagar

@Kevin Scannell Dia duit, bain an fógra den leathanach seo le do thoil mar nach bhfuil sé aistrithe ach go bhfuil sé scríofa ó m'fhocail féin.

buíochas SSHTALBI (plé) 16:45, 21 Iúil 2022 (UTC)Reply

Ní bhainfidh. Is ionann go díreach do chuid focal féin agus aschur Google Translate... níor scrios tú na fonótaí [1], [2], srl fiú! kscanne (plé) 17:23, 21 Iúil 2022 (UTC)Reply
GOA!! - Alison plé 17:32, 21 Iúil 2022 (UTC)Reply

@plé an féidir leat féin an t-alt a fheabhsú ach ná scrios focail, abairtí agus tagairtí. earráidí aistriúcháin meaisín teanga amháin a cheartú.

Fóir orm! cuir in eagar

Plé:Barúntacht (Éire)‎ 13:54 +303‎ ‎Ériugena plé dréachtaí‎ (→‎Fóir orm!: mír nua) clib: New topic Source diffstair N Plé:Barúntacht (roinn chontae)‎ Ériugena (plé) 18:57, 30 Iúil 2022 (UTC)Reply

Buíochas cuir in eagar

Go raibh míle maith agat as na ceartucháin ar fad atá déanta agat ar mo chuid leathnaigh! Míle buíochas! DaithíÓ (plé) 17:47, 1 Lúnasa 2022 (UTC)Reply

Lada cuir in eagar

@Kevin Scannell an féidir leat leathanach a chruthú do Lada le do thoil mar gur scrios tú é mar gur úsáid mé aistritheoir. SSHTALBI (plé) 21:31, 7 Lúnasa 2022 (UTC)Reply

Cuirfidh mé ar mo liosta é. kscanne (plé) 00:42, 8 Lúnasa 2022 (UTC)Reply

cuir leathanaigh a bhaineann le carranna le wikipedia Gaeilge cuir in eagar

@Kevin Scannell Dia dhuit, Le do thoil an féidir leat chruthú leathanaigh a bhaineann le carranna le wikipedia Gaeilge:

  • Aston Martin
  • Audi
  • Bentley
  • BMW
  • Buick
  • Cadillac
  • Chevrolet
  • Cupra
  • Jaguar
  • Jeep
  • Kia
  • Land Rover
  • Lucid
  • Mazda
  • MG
  • Opel
  • Polestar
  • SEAT
  • Subaru
  • Suzuki
  • TOGG

Bheinn buíoch díot dá gcuirfeá iad a chruthú mar tá fios beagán Gaeilge agam RHAXHIJA (plé) 05:24, 12 Lúnasa 2022 (UTC)Reply

Ar fheabhas!!! cuir in eagar

Go hiontach ar bith! Go raibh míle maith agat - tá sár-obair déanta agat (agaibh!) - Alison plé 17:55, 13 Lúnasa 2022 (UTC)Reply

GRMA! Bunaithe ar do chuid oibre féin ar na boscaí! An mbeifeá sásta le "WD Bosca Sonraí Eagraíochta" in áit "Bosca Sonraí banna"? Is é an ceann sin, agus na boscaí tacsanomaíochta amháin (~3k leathanach) atá fágtha. kscanne (plé) 18:15, 13 Lúnasa 2022 (UTC)Reply
Oh - ar aghaidh leat/libh, ach tá orm an liosta a 'scrobarnach' mar tá cúpla BLP an teimpléad seo a úsáideann. Fan soic ... - Alison plé 18:31, 13 Lúnasa 2022 (UTC)Reply
Bosca Sonraí banna  Y Déanta :) - Alison plé 18:45, 13 Lúnasa 2022 (UTC)Reply
Ok - tá fadhbhana éigin fós faoin {{WD Bosca Sonraí Ainmhí Bheo}} in ionad {{Taxobox}}. Mar shamplá 'capall' - shílim go bhfuil beagán staidéir le déanamh agam fós - Alison plé 18:58, 13 Lúnasa 2022 (UTC)Reply
Ok - tá orainn an cód 'Q' a úsáid go sainráite sa réimse 'item' den Bosca Sonraí, mar níl an leathanach - Capall sa sámpla seo - nasctha chuig an leathanach Wikidata shonraíonn an tacsón;
- agus sin an fadhb (gabh mo leithscéal as mo droch-Ghaeilge) - Alison plé 19:07, 13 Lúnasa 2022 (UTC)Reply
Scéal casta é sin a bhaineann le Q55983715 (“organisms known by a particular common name”). An plean a bhí agam ná cloí leis na haltanna atá ceangailte le "tacsón" in Wikidata, agus fágfaidh mé "capall", "buaf", "péacog", srl. go dtí go mbeidh réiteach againn. kscanne (plé) 19:09, 13 Lúnasa 2022 (UTC)Reply
Ah - tuigim anois. Mar sin, ar aghaidh leat leis on obair - Alison plé 19:13, 13 Lúnasa 2022 (UTC)Reply
Jab eile dhuit, más mian leat. An féidir leathanaigh a úsáideann {{Ie baile infobox}} a aistrigh chuig {{WD Bosca Geografaíocht Pholaitiúil}} ina ionad? - Alison plé 23:36, 13 Lúnasa 2022 (UTC)Reply
Is féidir cinnte. kscanne (plé) 23:53, 13 Lúnasa 2022 (UTC)Reply
Ag obair ar WD Bosca Sonraí Duine anois. Rinne mé an chuid is mó acu leis an mbot (cúpla míle), ach tá thart ar 1000 fágtha anois toisc go bhfuil pictiúr ar an leathanach agus ba mhaith liom na pictiúr a scriosadh má tá sé sa mbosca eolais WD freisin. Cad a cheapann tú? Déileáil leo de láimh? Nó, ar chóir dom na boscaí a chur isteach ansin iad a sheiceáil? kscanne (plé) 17:59, 15 Lúnasa 2022 (UTC)Reply

Outdent? cuir in eagar

Haigh, a Caoimhín! Ceist agam duit - cad é an téarma as Gaeilge is fearr leat maidir le w:en:Template:Outdent? Dé-eangaí no foca(i)l eile? - Alison plé 22:21, 6 Meán Fómhair 2022 (UTC)Reply

D'úsáid mé "dí-eangú" mar aistriúchán ar "unindent" i bpacáiste bogearra roinnt blianta ó shin. Glacaim leis gurb é sin an rud atá i gceist le "outdent"? Teimpléad:Dí-eangú mar sin? kscanne (plé) 22:29, 6 Meán Fómhair 2022 (UTC)Reply
CGL - aontaím! {{dí-eangú}} agus an giorrúchán {{d-e}} mar sin :) - Alison plé 16:27, 7 Meán Fómhair 2022 (UTC)Reply

Agus  Y Déanta :) - Alison plé 16:34, 7 Meán Fómhair 2022 (UTC)Reply

Many thanks for your contributions on the Celtic Editors Editathon! cuir in eagar

  Many thanks to you for your contributions to the Celtic Editathon on Meta. This barnstar is also for your tireless contributions over many years! We do appreciate it! Llywelyn2000 (plé) 11:46, 4 Deireadh Fómhair 2022 (UTC)Reply

Vicí na mBan cuir in eagar

A chara, toisc gur úsáideoir Vicipéide rialta thú, ba mhaith liom tusa a chur ar an eolas maidir le tionscadal nua atá ar siúl. Vicí na mBan, nó WikiWomen, is ainm do. Is comhfhiontar é idir Pobal Éireann Wikimedia, Coláiste Oiriall i Muineachán agus eagraíochtaí Vicipéide agus meánscoileanna sa Fhreaslainn agus i dTír na mBascach. Le linn na tionscadail seo, beidh muid ag cruthú acmhainní teagaisc ionas go mbeidh daltaí meánscoileanna in ann ailt Vicipéide a scríobh as Gaeilge, as Freaslainnis nó as Bascais faoi mhná iomráiteacha. Beidh na daltaí ag foghlaim faoi Vicipéid ón mí seo chugainn ar aghaidh agus tosóidh siad ag scríobh sa bhliain úr. Tá breis eolais ar fáil as Béarla ar an leathanach Meta: https://meta.wikimedia.org/wiki/WikiWomen_Erasmus%2B_Project. Tá fáilte roimh cheisteanna agus bharúlacha chugamsa ar Vicipéid nó seol r-phost chugainn: wikimediaireland[at]gmail.com. Beidh mé ag cur teachtaireacht ar an halla baile chomh maith, mo leithscéal as crosphostáil a dhéanamh. 17:00, 28 Deireadh Fómhair 2022 (UTC) Dowlinme (plé) 17:00, 28 Deireadh Fómhair 2022 (UTC)Reply

Chraol an... cuir in eagar

https://ga.wikipedia.org/wiki/Homie_the_Clown

A chara, an bhféadfaí an struchtúr seo a ghlanadh go huathoibríoch. Tá go leor samplaí ann. Ag fíorthuús an ailt a bhíonn sé.

'Chraol an...' a athrú go 'Craoladh an...' Eomurchadha (plé) 15:39, 1 Samhain 2022 (UTC)Reply

Ceartaithe anois... níos mó ná míle acu :(. Níl sé ródheacair olleagarthóireacht den sórt seo a dhéanamh le HusseyBot... ná bíodh drogall ort fadhbanna eile a chur faoi mo bhráid. kscanne (plé) 10:48, 2 Samhain 2022 (UTC)Reply
Cad faoi na hailt seo ó fhréamh an eolais a chur in eagar, le go mbeadh an chéad abairt iontu ag teacht leis an stíl tí?
Is éard is [ainm an ailt] ann ná [an chéad fhocal san alt ag tosú le litir bheag] (i gcás chéad abairtí nach luann an ceannfhocal féin - ós rud é go bhfuil roinnt alt leasaithe).
M.sh. https://ga.wikipedia.org/wiki/Sial
Is éard is Sial ann ná an..]
(seo tús an ailt) An chuid uachtarach de...
Eomurchadha (plé) 14:52, 2 Samhain 2022 (UTC)Reply
Rinne mé iarracht é seo a dhéanamh nuair a leag mé na haltanna amach i dtús báire (10 mbliana ó sin!). An fhadhb a bhí ann ná go leor altanna nach raibh i bhfoirm chaighdeánach, m.sh. Aduaine ("I bhfisic na gcáithníní, uimhir chandamach..."), Aimíd ("Tugtar an t-ainm seo..."), srl. Ní raibh mé ag iarraidh an téacs glan a mhilleadh. kscanne (plé) 16:27, 2 Samhain 2022 (UTC)Reply

Tá sé seo le hathrú in ailt go leor 'Is liosta é seo de na eachtraí' > Is liosta é seo de na heachtraí Eomurchadha (plé) 17:43, 14 Nollaig 2022 (UTC)Reply

Déanta! kscanne (plé) 18:42, 14 Nollaig 2022 (UTC)Reply
grma Eomurchadha (plé) 10:50, 15 Nollaig 2022 (UTC)Reply

Togg cuir in eagar

@Kevin Scannell Dia duit, ó bhain tú an t-alt seo amach toisc úsáid mé aistritheoir, an féidir leat ceann eile a chruthú dom ARDITGILA (plé) 06:33, 11 Samhain 2022 (UTC)Reply

@Kevin Scannell Dia duit, ó bhain tú an t-alt seo amach toisc úsáid mé aistritheoir, an féidir leat ceann eile a chruthú dom.

Translation request cuir in eagar

Hi. I am sorry to bother you with this but I would like to ask you whether you could please translate this to Irish?

Lingua Franca Nova (“Elefen”) is a language designed to be particularly simple, consistent, and easy to learn for international communications. It has a number of positive qualities:

  • 1. It has a limited number of phonemes. It sounds similar to Italian or Spanish.
  • 2. It is phonetically spelled. No child should have to spend years learning irregularities.
  • 3. It has a completely regular grammar, similar to the world’s creoles.
  • 4. It has a limited and completely regular set of productive affixes for routine word derivation.
  • 5. It has well-defined rules for word order, in keeping with many major languages.
  • 6. Its vocabulary is strongly rooted in modern Romance languages. These languages are themselves widespread and influential, plus they have contributed the major part of English vocabulary
  • 7. It is designed to be naturally accepting of Latin and Greek technical neologisms, the de facto “world standard”.
  • 8. It is designed to seem relatively “natural” to those who are familiar with Romance languages, without being any more difficult for others to learn.
  • We hope you like Elefen!

Thanks for your help. –Caro de Segeda (plé) 06:18, 1 Meitheamh 2023 (UTC)Reply

Translation request cuir in eagar

Hello.

Can you create the article en:Laacher See, which is the third most powerful volcano in Europe after Campi Flegrei and Santorini, in Irish Wikipedia?

Yours sincerely, Multituberculata (plé) 09:04, 24 Meitheamh 2023 (UTC)Reply

Hello.
Can you create the article Ollscoil Stáit Bakı (en:Baku State University) in Irish Wikipedia? It does not need to be long.
Yours sincerely, Multituberculata (plé) 10:34, 24 Iúil 2023 (UTC)Reply

'Vicipéid' nó 'an Vicipéid' cuir in eagar

(Nóta: D'fhág mé an teachtaireacht seo ar Plé úsáideora:Alison chomh maith.)

Haigh, a Chaoimhín. Feicim go bhfuil tú i do riarthóir anseo. Mar sin, tá ceist agam ort. Cén t-ainm atá ar an gciclipéid seo? Feictear dom go mbíonn daoine anonn is anall idir Vicipéid agus an Vicipéid, agus níor éirigh liom teacht ar mholadh oifigiúil in aon áit ar cé acu is fearr a úsáid.

Mar sin, rinne mé roinnt tochailte mé féin agus seo iad a leanas na torthaí ar an tochailt sin.

Roinnt samplaí de Vicipéid in úsáid

ón alt Vicipéid na Gaeilge:

  • "An rud is áille faoi Vicipéid ná..."
  • "Is áis den scoth í Vicipéid don phobal Gaeilge..."
  • "...gur áis mhaith í Vicipéid na Gaeilge:"

ón alt Vicipéid:

  • "Is iomaí Vicipéid atá ann..."

Roinnt samplaí de an Vicipéid in úsáid

ar bharr gach leathanaigh:

  • "Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor."

ón alt Vicipéid na Gaeilge:

  • "Cheap Beo go raibh an Vicipéid úsáideach..."
  • "...luach oideachasúil na Vicipéide.

ón alt Vicipéid:

  • "Is ciclipéid ar líne é an Vicipéid..."
  • "Is í an Vicipéid an saothar tagartha is mó..."

Conclúid

Bíonn daoine anonn is anall idir an dá leagan, ach is é Vicipéid an leagan is fearr liom féin ar na fáthanna seo a leanas:

  • Sin an leagan atá in úsáid i lógó an tsuímh cheana féin.
  • Is cosúil go bhfuil Vicipéid na Gaeilge in úsáid ar bhonn níos forleithne ná an Vicipéid Ghaeilge cheana féin. Mar sin, oireann an leagan Vicipéid níos fearr mar ainm ginearálta, dar liom.
  • Mar a deirtear san alt faoi Vicipéid, “is iomaí Vicipéid atá ann” (e.g. Vicipéid na Gaeilge, Vicipéid an Bhéarla srl.). Sílim, áfach, go gcuireann an Vicipéid in iúl (níos mó ná an leagan Vicipéid) nach bhfuil ach ceann amháin ann.

Mar sin, sílim go mbeadh sé úsáideach Vicipéid a roghnú mar leagan oifigiúil, agus é sin a léiriú go soiléir i ngach áit ar an suíomh (go háirithe ar na leathanaigh a léann núíosaigh, msh. Vicipéid:Fáilte, a núíosaigh agus na leathanaigh ar fad sa liosta ag bun an leathanaigh sin), ionas go mbeadh a fhios ag daoine ón tús gur Vicipéid is fearr a úsáid, agus ní an Vicipéid.

Má ghlactar le Vicipéid mar leagan oifigiúil, is dócha gur fearr na foirmeacha seo a leanas a úsáid...

  • Is ciclipéid ar líne í Vicipéid seachas Is ciclipéid ar líne í an Vicipéid
  • tábhacht Vicipéide seachas tábhacht na Vicipéide
  • alt Vicipéide seachas alt na Vicipéide
  • Vicipéid na Gaeilge seachas An Vicipéid Ghaeilge

Do bharúil?

Lyonskvn (plé) 10:55, 2 Eanáir 2024 (UTC)Reply

Hi a Chaoimhín — tá mé an-sásta go bhfuil tú anseo! Ceist mhaith. I mo bharúil féin, is téarma cosúil le "Uachtarán" é "Vicipéid"... is féidir "An tUachtarán" a rá, nó "Uachtarán na Fraince/Spáinne/...", ach "toghadh Uachtarán nua sa Spáinn", gan alt, freisin. Mar sin, "An Vicipéid", "Vicipéid na Gaeilge", ach "ba chóir do gach pobal teanga Vicipéid a chruthú". Sna ceithre shampla a thug tú, déarfainnse "Is ciclipéid ar líne í an Vicipéid" agus "tábhacht na Vicipéide", ach déarfainn "alt Vicipéide" (coincheap ginearálta, ar nós "aitheasc uachtaráin") agus "Vicipéid na Gaeilge", gan dabht. Feicim go dtagann cúpla sampla eile a thug tú salach ar mo thuairim, m.sh. "Is áis den scoth í Vicipéid don phobal Gaeilge..." agus mholfainn na cinn sin a leasú ("Is áis den scoth í an Vicipéid do phobal na Gaeilge..."). Agus tá an ceart agat maidir leis an lógó... níl a fhios agam an féidir é sin a cheartú. kscanne (plé) 13:49, 2 Eanáir 2024 (UTC)Reply
GRMA, a Chaoimhín!
An bhfuil siad seo a leanas ag teacht leis an méid a scríobh tú?
  • An Vicipéid = Wikipedia (an chiclipéid ar fad ar fad ar fad; gach uile alt i ngach uile teanga san áireamh)
  • Vicipéid = a Wikipedia (an coincheap ginearálta; is Vicipéid í 'Vicipéid na Gaeilge', agus is Vicipéid eile í 'Vicipéid an Bhéarla')
  • Vicipéid na Gaeilge = the Irish-language Wikipedia
  • tábhacht na Vicipéide
  • alt Vicipéide
Agus, má tá, ar chóir An Vicipéid a thabhairt ar an alt seo, seachas Vicipéid; agus Vicipéid an Bhéarla a thabhairt ar an alt seo, seachas Vicipéid Bhéarla?
Lyonskvn (plé) 15:17, 2 Eanáir 2024 (UTC)Reply
Sin é go díreach. Agus ba chóir! Déanfaidh mé é sin láithreach.
Feicfidh tú go leor rudaí anseo nach de ghnás na Gaeilge iad go ginearálta, ach tá an-dul chun cinn déanta againn le cúpla bliain anuas. Feabhas mór tagtha ar an gcaighdeán, ach tuilleadh le déanamh. Fáilte romhat! kscanne (plé) 15:24, 2 Eanáir 2024 (UTC)Reply
Iontach. GRMA, arís! B'fhiú a fhiosrú an féidir an t-ainm ar an lógó a athrú chomh maith, dar liom, ar mhaithe leis an leanúnachais. Chuir sin ar strae mé ar fad, agus ní mise an t-aon duine, is cosúil (féach an t-alt seo in Beo). – Lyonskvn (plé) 16:34, 2 Eanáir 2024 (UTC)Reply
Cúpla ceann eile:
  • Ag cur [ábhar nó alt] leis an Vicipéidar an Vicipéid? (Tá an dá cheann go breá, dar liom.)
  • Tá alt ar an Vicipéid (seachas sa Vicipéid)? (D'úsáidfinn sa chiclipéid más leabhar a bheadh i gceist, ach sílim go bhfuil ar an Vicipéidar an suíomh níos fearr i gcás na Vicipéide, b'fhéidir.)
Bhí mé ag smaoineamh ar nuashonrú a dhéanamh ar na leathanaigh sa liosta ag bun Vicipéid:Fáilte amach anseo. (Tá an eolas ar chuid acu as dáta.) Mar sin, bheadh sé go deas máistreacht a fháil ar na leaganacha seo ar fad a bhaineann leis an Vicipéid.
Lyonskvn (plé) 07:49, 4 Eanáir 2024 (UTC)Reply
Bheadh sé sin thar barr! Ag teastáil go géar uainn.
Tá alt ar an Vicipéid seachas sa Vicipéid cinnte. Agus déarfainnse "Chuir mé alt nua leis an Vicipéid", go háirithe chun béim a chur ar ábhar nua a cuireadh leis an méid atá ann cheana, má thuigeann tú mé. Ach tá "chuir mé alt nua ar an Vicipéid" go maith freisin. kscanne (plé) 14:15, 4 Eanáir 2024 (UTC)Reply

Na leathanaigh is sine ar Vicipéid na Gaeilge cuir in eagar

Haigh arís, a Chaoimhín. Ceist eile agam ort. Deirtear anseo gur cuireadh tús le Vicipéid na Gaeilge "ar an 7 Meitheamh 2003", ach deirtear anseo gur cuireadh tús leis "i mí Dheireadh Fómhair 2003" agus gur "scríobhadh an chéad alt i mí Eanáir 2004". Níl fianaise ar bith ar cheachtar scéal le fáil ar na leathanaigh sin, ach tháinig mé air seo (https://ga.wikipedia.org/w/?oldid=1) agus air seo (https://ga.wikipedia.org/w/?oldid=2). An bhfuil a fhios agat an iad sin na chéad leathanaigh i ndáiríre? Más fíor go gcruthaíodh an chéad leagan den Phríomhleathanach ar an 3 Eanair 2004, d'fhéadfaí a rá go bhfuil an Vicipéid 20 bliain ar an bhfód inniu! An amhlaidh atá an scéal? – Lyonskvn (plé) 17:52, 3 Eanáir 2024 (UTC)Reply

Feicim anois go bhfuil an leathanach seo (https://ga.wikipedia.org/w/?oldid=7) níos sine arís. (Níl a fhios agam cén fáth nach bhfuil na huimhreacha 'oldid' san ord ceart, ach tá an rud céanna i gceist ar Vicipéid an Bhéarla.) Deirtear gur Gabriel Beecham a chuir tús le Vicipéid na Gaeilge agus baineann an leathanach úsáideora sin (a cruthaíodh ar an 11 Lúnasa 2003) leis-sean (féach: https://meta.wikimedia.org/wiki/User:Kwekubo). An é an chéad leathanach é, mar sin? – Lyonskvn (plé) 18:46, 3 Eanáir 2024 (UTC)Reply
Dealraíonn sé gur chruthaigh Gabriel Beecham an chéad leathanach ar an 11 Lúnasa 2003 – leathanach úsaideora faoin ainm ‘Kwekubo1’ (https://ga.wikipedia.org/w/?oldid=7); gur chruthaigh Arnaud Lagrange an chéad alt (https://ga.wikipedia.org/w/?oldid=10) (faoi Esperanto) ar an 18 Nollaig 2003 – cé nár scríobh sé mórán téacs air; agus gur chruthaigh Beecham an chéad leagan den phríomhleathanach ar an 3 Eanair 2004 (https://ga.wikipedia.org/w/?oldid=2). Fáilte roimh cheartúchán, áfach, má tá breis eolais agat. – Lyonskvn (plé) 20:12, 3 Eanáir 2024 (UTC)Reply
Tá an ceart agat. Is féidir teacht ar gach athrú ar gach leathanach ó thús ama sa chartlann seo (rabhadh — comhad an-mhór): gawiki-latest-pages-meta-history.xml.bz2. Déanaim anailís uathoibríoch ar an gcomhad seo mar chuid den taighde atá ar siúl agam ar chúrsaí gramadaí. Ar aon nós, aontaím leis an anailís atá déanta agat (agus níl a fhios agam cén fáth nach bhfuil na IDanna in ord!) kscanne (plé) 20:46, 3 Eanáir 2024 (UTC)Reply
Woohoo! GRMA. – Lyonskvn (plé) 07:53, 4 Eanáir 2024 (UTC)Reply

WD Bosca Sonraí Duine cuir in eagar

alt nua cruthaithe agam ach ní thuigim conas Teimpléad:WD_Bosca_Sonraí_Duine a chur ag obair i gceart air. Bheinn buíoch as aon treoir uait. GRMA! – Caoimhín Ó Liatháin (plé) 17:36, 23 Eanáir 2024 (UTC)Reply

An-alt, grma. Agus d'úsáid tú an teimpléad sin i gceart — {{WD Bosca Sonraí Duine}} ar an chéad líne, sin an méid. kscanne (plé) 18:14, 23 Eanáir 2024 (UTC)Reply
An bhfuil bealach ar bith leis an eolas a úsáidtear sa Teimpléad:WD_Bosca_Sonraí_Duine a athrú ar an alt Vicipéide amháin? Is dócha nach bhfuil, ach bheadh sé go deas dá bhféadfaí athruithe beaga a dhéanamh (msh. an phríomh-íomhá a athrú). – Caoimhín Ó Liatháin (plé) 18:14, 23 Eanáir 2024 (UTC)Reply
Tá — is féidir rudaí áirithe a athrú, cé nach bhfuil aon doiciméadú ann ná cur síos ar an bpróiseas, go bhfios dom. Féach ar Furbaide FerbendAirat Ichmouratov mar shampla. kscanne (plé) 18:25, 23 Eanáir 2024 (UTC)Reply
Aha, GRMA! – Caoimhín Ó Liatháin (plé) 18:29, 23 Eanáir 2024 (UTC)Reply
Seift amháin eile... is féidir bosca sonraí a chur san alt a bhaineann le mír Wikidata eile (leis an bparaiméadar "item="). Féach Dúnmharú Ali Fazeli Monfared mar shampla. Alt faoin eachtra, bosca faoin duine. kscanne (plé) 18:52, 23 Eanáir 2024 (UTC)Reply

Thank you for being a medical contributors! cuir in eagar

  The 2023 Cure Award
In 2023 you were one of the top medical editors in your language. Thank you from Wiki Project Med for helping bring free, complete, accurate, up-to-date health information to the public. We really appreciate you and the vital work you do!

Wiki Project Med Foundation is a thematic organization whose mission is to improve our health content. Consider joining for 2024, there are no associated costs.

Additionally one of our primary efforts revolves around translation of health content. We invite you to try our new workflow if you have not already. Our dashboard automatically collects statistics of your efforts and we are working on tools to automatically improve formating.

Thanks again :-) -- Doc James along with the rest of the team at Wiki Project Med Foundation 22:25, 3 Feabhra 2024 (UTC)Reply

Healaíona comhraic na hÉireann (srl) cuir in eagar

Táimse sásta a leithéid a ghlanadh - go háirithe ailt faoi rudaí dúchasacha Éireannacha. Abair liom é agus ceartód iad. Eomurchadha (plé) 19:20, 18 Feabhra 2024 (UTC)Reply

GRMA. Bhí drochbhail ar an gceann seo, sa mhéid is gur cheap mé gurbh fhusa an t-aistriúchán a dhéanamh as an nua (agus le fírinne, níl an t-alt Béarla thar mholadh beirte...) kscanne (plé) 19:31, 18 Feabhra 2024 (UTC)Reply

Éilias I Seiliúicia-Teasafón agus maidir le rialaigh agus comhgnáisibh cuir in eagar

Buíochas Dhuibh le Bhur gcheartúchán teidil an ailt a thionscain mé.

Is féidir liom déileáil leis an stíl a shimpliú, ach cén fáth a bhaint as na sonraí a soláthraíodh, agus thar aon rud eile na tagairtí? Ba mhaith liom a fháil amach cad iad na noirm, thar aon rud eile, maidir le foinsí a lua agus bunteangacha mar an tSiriac agus an Araibis a lua. Níl an t-alt seo críochnaithe, tá níos mó téacs agam le cur leis.

Go raibh maith Agaibh as ucht d'fhoighne.

Le beannachtaí cairdiúla Dhuibh, Weshyaunt (plé) 17:12, 24 Feabhra 2024 (UTC)Reply

Gabh mo leithscéal as an ábhar sin a scriosadh chomh tapaidh sin. Bhí fadhbanna leis an téacs sa tSiricis agus bhí sé níos éasca cúpla abairt ón alt Béarla a aistriú as an nua ná an stuif a bhí ann a ghlanadh. Is maith linn na tagairtí de ghnáth!
Seo é an "pictiúr mór" faoi láthair: táimid ag iarraidh ardchaighdeán Gaeilge a bhaint amach, ó thaobh cúrsaí gramadaí, litrithe, stíle, srl. — le blianta fada bhí go leor daoine gan mórán Gaeilge ag scríobh anseo gan srian ar bith, agus tharraing sé sin droch-cháil ar an Vicipéid i measc cainteoirí dúchais/líofa.
Cúpla moladh uaimse — má úsáideann tú Firefox, is féidir seiceálaí litrithe a shuiteáil sa bhrabhsálaí, agus feicfidh tú botúin bheaga sa chaoi sin. An rud eile ná go bhfuil sé tábhachtach cloí le téarmaí oifigiúla (ó tearma.ie) nuair a bhíonn siad ar fáil (mar shampla "Siricis" agus "Seiliúicia" san alt a scríobh tú). Agus chomh maith leis sin, téarmaí nua a sheachaint más féidir... an nós atá againn ná cloí le litriú logainmneacha agus ainmneacha daoine ina dteanga dúchais, seachas traslitriú a dhéanamh.
Gheobhaidh tú comhairle úsáideach ar leathanach @TGcoa freisin. kscanne (plé) 20:24, 24 Feabhra 2024 (UTC)Reply

Cuidiú, WD Bosca Sonraí Rás F1 cuir in eagar

Haigh a Kevin, táim ag iarraidh leathanaigh Vicipéide a scríobh maidir le Foirmle a hAon, ach ar an drochuair ní féidir liom bosca sonraí a chruthú dó. Ba bhreá liom ceann cosúil leis an ceann Béarla nó Francaise ach ni thig liom an dóigh chun é a dhéanamh a oibriú amach. An mbeidh tú ábalta cuidiú ar bith a thabhairt dom nó duine arbh fhéidir é a dhéanamh níos fearr na liomsa? GRMA! Malodrama (plé) 20:40, 26 Feabhra 2024 (UTC)Reply

Is í Alison an saineolaí — feicim gur scríobh tú teachtaireacht ar a leathanach freisin. An mbeidh tú ag díriú ar na rásaí éagsúla, cosúil leis an alt a scríobh tú faoi Bhairéin? kscanne (plé) 00:27, 27 Feabhra 2024 (UTC)Reply
Go bunúsach ba bhreá liom alt ginearálta a bheith ann do gach Grand Prix atá ann mar an ceann a scríobh mé faoi Bhairéin, ansin ailt níos doimhne a scríobh do na rásaí a tarlaíonn achan bliain, en:2023 Bahrain Grand Prix, ach ceapaim go úsáideann sé bosca sonraí difriúil don bheirt acu.
Mar sin de, is dócha go mbeidh Bosca Sonraí de dhíth do na hailt ginearálta (en:Template:Infobox F1 race) agus do na rásaí ar leith (en:Template:Infobox Grand Prix race report)
Gabh raibh míle as do chuidiú! Malodrama (plé) 01:07, 27 Feabhra 2024 (UTC)Reply

Durrës article cuir in eagar

@Kevin Scannell Hi Kevin! I saw you deleted the article I created for Durrës, the second largest city in Albania due to machine translation I used. Can you create one for me with short content? I want to see this article on Irish Wikipedia. Thanks Muhaarnaout (plé) 06:15, 27 Feabhra 2024 (UTC)Reply

Will add to my list, thanks for the suggestion. - Kevin kscanne (plé) 11:39, 27 Feabhra 2024 (UTC)Reply


Téarmaí cuir in eagar

Tuigim go bhfuil obair mhór thábhachtach déanta agat ag cinntiú go bhfuil teidil alt de réir a chéile - ach tá baol beag ann i gcásanna áirithe. Go minic is téarmaí a chum coiste iad na téarmaí oifigiúla ach uaireanta bheadh téarma eile in úsáid i bhfírinne. Dá mbeadh uaim a fheiceáil cén téarma a bhí in úsáid sa Ghaeilge tráth théann go vicipéid /na corpais / na meáin shóis. Formhór mór na leasuithe atá déanta agat cuireann siad feabhas ar an saothar - ach tá baol ann go bhfuil corrthéarma atá in úsáid ach nach é an téarma oifigiúil é á ruaigeadh. Seans nach bhfuil aon leigheas air - ach rud le cuimhneamh air! Eomurchadha (plé) 10:25, 12 Aibreán 2024 (UTC)Reply

Tuigim. Ceadaím an corpas i gcónaí, mar eolas duit. An bhfuil athrú ar leith ann a spreag do theachtaireacht? (500 is déanaí). Bheinn an-sásta cásanna ar leith a phlé, agus bheadh fáilte romhat leathanaigh a bhogadh ar ais más gá... na rudaí is tábhachtaí domsa ná go bhfuil leathanach athdhírithe (ar a laghad) ann ón téarma oifigiúil go dtí an teideal, agus go bhfuil an téarma sin luaite san alt féin (le tagairt). kscanne (plé) 12:59, 12 Aibreán 2024 (UTC)Reply