An difríocht idir athruithe ar: "Incigh"

Content deleted Content added
Legobot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 1 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q28573 (translate me)
m nasc le teacht
Líne 49:
Bhí an dearg-ádh le Pizarro gur fhill sé go Tawantinsuyu díreach nuair a bhí an cogadh cathartha á chur. Dá dtiocfadh sé nuair a bhí Huayna Capac ina bheo fós, gheobhadh sé impireacht na nInceach aontaithe ina éadan. Ní raibh ach 168 fear, aon ghunna mór amháin agus seacht gcapall fichead ag Pizarro, ach mar sin féin, bhí sé ábalta na hIncigh a chloí trí úsáid chliste a bhaint as an mbeagán seo, chomh maith leis an ionramháil a rinne sé ar na faicsin éagsúla i measc na nInceach.
 
Chuir Pizarro an chéad chath ar na hIncigh in Oileán Puná, in aice le Guayaquil an lae inniu in [[Eacuadór]]. B'ansin a bhunaigh sé cathair Piura i Mí Iúil sa bhliain 1532. Chuir sé [[Hernando de Soto]] ag déanamh taiscéalaíochta roimhe, agus tháinig de Soto ar ais le cuireadh ó Atahualpa. Bhí trúpaí Atahualpa díreach tar éis mílísteoirí Huascar a threascairt, ach mar sin féin, ní raibh an tír socraithe síos go fóill, agus bhí Atahualpa buartha go bhféadfadh Pizarro agus lucht a leanúna cuidiú le tacadóirí Huascar.
 
Bhí Atahualpa ag fanacht leis na Spáinnigh i gCajamarca lena chuid saighdiúirí. Nuair a chonaic na Spáinnigh go raibh na díormaí millteanacha sin timpeall, shil siad go raibh Atahualpa tar éis iad a mhealladh isteach i ngaiste. Mar sin, chinn siad ar é a ghabháil mar ghiall, nó ní leomhfadh na hIncigh a dhath a dhéanamh orthu a fhad is a bheadh Atahualpa ina phríosúnach acu. Bhí bráthair darbh ainm Vicente Valverde ag tionlacan Pizarro leis an [[Críostaíocht|gcreideamh Críostaí]] a chraobhscaoileadh i measc na nInceach. Nuair a thaispeáin sé leabhar naofa don Inceach agus é ag iarraidh an Chríostaíocht a mhíniú dó, chaith Atahualpa an leabhar uaidh, rud a bhain stangadh as Valverde. D'áitigh Valverde ar na Spáinnigh Atahualpa a chimiú mar phionós as an íde a thug sé don leabhar. D'éirigh idir na Spáinnigh agus na hIncigh, agus mharaigh na Spáinnigh na huaisle Inceacha a bhí ag iarraidh iad féin a iompú ina sciatha daonna idir an namhaid agus Atahualpa.