An difríocht idir athruithe ar: "Meáchanlár"

Content deleted Content added
cáilíocht níos airde, ó "baralár" i bhFréamh an Eolais
Ábhar ó "maislár" as Fréamh an Eolais
Líne 1:
Maidir le grúpa réad, cosúil leis an [[An Grianchóras|nGrianchóras]] nó [[braisle réaltaí]], an pointe inar féidir an mhais iomlán a shamhlú comhchruinnithe (an ''maislár'' nó an ''baralár'') chun a iarmhairt imtharraingthe ar réada eile a ríomh. Léiríonn gluaiseacht an mheáchanláir gluaiseacht an ghrúpa réad ina iomláine. Is ionann iolrú luas [[An Phointe|an phointe]] seo is na maise iomláine le suim mhóimintim chodanna uile an réada, nó an ghrúpa read. Mar shampla, is é maislár blúirí buama phléasctha ionad an bhuama roimh an bpléasc. Nuair a fheidhmíonn fórsa ar an gcóras (ar an réad nó an grúpa réad), luasghéaraítear an mhaislár, díreach mar a tharlódh dá mbeadh an mhais iomlán comhchruinnithe ann.
 
 
{{Fréamh an Eolais}}