An difríocht idir athruithe ar: "Colún veirteabrach"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'An cnámh droma i ngach veirteabrach. Sraith d'eilimintí cnámhacha (na veirteabraí), scartha óna chéile le diocsaí idirveirteabracha, coimeádta le chéil...'
 
cata is pic.
Líne 1:
[[Íomhá:Anatomy and physiology of animals Regions of a vertebral column.jpg|250px|mionsamhail|deas|Colún veirteabrach an [[Gabhair|ghabhair]]]]
An [[cnámh]] droma i ngach [[veirteabrach]]. Sraith d'eilimintí cnámhacha (na veirteabraí), scartha óna chéile le diocsaí idirveirteabracha, coimeádta le chéile le ballnaisc is matáin. Is beag an díláithriú is féidir a bheith idir veirteabraí cóngaracha, ach nuair a chuirtear an colún go léir san áireamh is struchtúr an-soghluaiste é. Sa chuid is mó de na veirteabraigh luíonn an colún go cothrománach agus iompraítear é ar ghéaga tosaigh is cúil. I ndaoine, a sheasann in airde, bíonn sé ceartingearach agus iompraíonn na géaga cúil amháin é. Iompraíonn sé is tacaíonn leis an tóracs, agus tugann ceangal dá lán matán. Timpeallaíonn is cosnaíonn sé [[corda an dromlaigh]] ó thráma fisiciúil. Feidhmíonn sé mar mhaolaire mar gheall ar a chuaire ar na dioscaí idirveirteabracha. Is féidir leis fórsaí a tharchur ó chuid amháin go cuid eile den cholainn. I ndaoine bíonn sé 72-75 cm ar airde (timpeall 40% d'airde an duine), agus is é atá ann ná 7 [[veirteabra]] ceirbheacsach, 12 veirteabra tóracsach, 5 veirteabra lumbach, 5 veirteabra comhtháite sacrach, agus 4 veirteabra comhtháite gimideach. Díreach tar éis breithe bíonn cuaire C-chruthach, cuasach chun tosaigh, aige. Ach de réir a chéile baineann sé amach cuairí sa treo eile sna réigiúin cheirbheacsacha is ghimideacha. Ligeann sé seo don duine a cheann a choimeád in airde agus seasamh, siúl is rith. Suas le 25% d'fhad an cholúin a bhíonn sna dioscaí idirveirteabracha. I ngach diosca bíonn croíleacán geilitíneach, agus timpeall air sin, fáinní d'[[Fíochán|fhíochán]] snáithíneach. I rith an lae triomaíonn na dioscaí de réir a chéile agus éiríonn siad níos tanaí. Dá thoradh seo ní bhíonn duine chomh hard ag deireadh an lae is a bhí ar maidin (2 cm níos lú, b'fhéidir). Tarlaíonn an rud céanna le himeacht na mblianta, ach sa chás seo bíonn an chailliúint airde buan. Braitheann so-ghluaisteacht an cholúin ar [[Geoiméadracht|gheoiméadracht]] na struchtúr cnámhach agus eagar na n-eilimintí boga: dioscaí, matáin is ballnaisc. Tarlaíonn lúbadh mínormálta an cholúin ar fiar (scolóis) i 15% de dhaoine, ach ní bhíonn sé suntasach ach i 0.5% de na cásanna. Is minice é ag mná ná fir. Is deacair an chúis leis seo a aimsiú, ach meastar go mb'fhéidir go dtagann laige i matáin an droma agus galair dromlaigh isteach sa scéal.
 
{{Fréamh an Eolais}}
{{síol}}
 
[[Catagóir:Colún veirteabrach| ]]
[[Catagóir:Veirteabraigh]]