An difríocht idir athruithe ar: "Ceimic"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 176 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q2329 (translate me)
No edit summary
Líne 31:
* An [[Ceimic theoiriciúil|Cheimic Theoiriciúil]]: Is éard atá i gceist leis an gceimic theoiriciúil ná réasúnaíocht theoiriciúil na fisice agus na matamaitice a chuirtear i bhfeidhm ar cheisteanna na ceimice. Go háirithe, tugtar [[ceimic chandamach]] ar an dóigh a bhfeidhmítear an [[Fisic chandamach|fhisic chandamach]] sa cheimic. Sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, chuaigh na ríomhairí an oiread sin i bhfeabhas gur féidir a rá go bhfuil a leithéid de bhrainse ann agus [[ceimic ríomhaireachta]], is é sin, forbairt agus feidhmiú na ríomhchlár le freastal ar shainriachtanais na ceimice. Tá dlúthbhaint ag an gceimic theoiriciúil le fisic an damhna chomhdhlúite agus leis an bhfisic mhóilíneach. Níl i gceist go bunúsach leis an gceimic theoiriciúil ach fisic, ar an gcaoi chéanna nach bhfuil sa bhitheolaiocht theoiriciúil ach ceimic agus fisic.
 
* Is í an [[Ceimic núicléach|cheimic núicléach]] an brainse den cheimic a phléann leis an [[radaighníomhaíocht]]: an úsáid a bhaintear as an radaighníomhaíocht le taighde a dhéanamh ar ghnáth-imoibrithe ceimiceacha ([[radaiceimic]]), an tionchar atá ag mais na n-[[iseatóp]] éagsúil ar na himoibrithe ceimiceacha ([[ceimic iseatópach]]), agus [[speictreascópacht]] an [[athshondas maighnéadach núicléach|athshondais mhaighnéadaigh núicléigh]] - is é sin, brainse speictreascópachta a théann i dtuilleamaí saintréithe maighnéadacha na [[Núicléas adamhach|núicléas]] le móilíní a aithint. Is féidir "ceimic núicléach" a thabhairt ar an dóigh a n-úsáideann fisiceoirí núicléacha modhanna oibre nó coincheapa na ceimice le taighde a dhéanamh ar [[eamhnú]] agus ar [[comhleá na núicléas|chomhleá]] na núicléas.
 
Brainsí eile de chuid na ceimice is ea: an [[réaltcheimic]], an [[ceimic atmaisféarach|cheimic atmaisféarach]], an [[innealtóireacht cheimiceach]], an fhaisnéisíocht cheimiceach, an leictriceimic, ceimic an chomhshaoil, an cheimic shreabhach, an gheocheimic, an cheimic ghlas, stair na ceimice, eolaíocht na n-ábhar, ceimic na míochaine, an bhitheolaíocht mhóilíneach, an nanaitheicneolaíocht, an cheimic orgánaimhiotalach, an pheitriceimic, an chógaseolaíocht, an fhótaiceimic, an fhíticeimic, an cheimic pholaiméarach, an cheimic soladstaide, an tsonaiceimic, an cheimic fhormhóilíneach, an cheimic dhromchlach, agus an teirmiceimic.