Bhí sé ina nós, anallód, an Chóiréis a scríobh leis na comharthaí Síneacha, ach de réir a chéile, chuaigh an scríbhneoireacht Cóiréise i léig ar fad, nó b'fhearr leis na daoine uaisle a gcuid scríbhneoireachta a dhéanamh trí mheán na Sínise Clasaicí. Sa bhliain [[1446]], áfach, d'fhoilsigh Sejong Mór, rí na Cóiré, córas nua le scríbhneoireacht agus léitheoireacht a chothú i measc na cosmhuintire, mar atá, an [[aibítir Hangul]]. Bhí an rí Sejong míshásta leis na litreacha Síneacha, agus é barúlach nach raibh siad oiriúnach d'úsáid na gCóiréach. An córas a chruthaigh sé, bhí sé bunaithe ar fhuaimniú comhaimseartha na Cóiréise. Rinne an chosmhuintir a gcuid de na litreacha Hangul, ach bhí na huaisle sách míshásta leo, ó bhí siad buartha faoi chinniúint na Sínise agus an léinn Shínigh sa Chóiré. Na ríthe a tháinig i gcomharbas ar Sejong, bhí cuid acu naimhdeach i leith an Hangul chomh maith, agus reachtaigh siad dlíthe le húsáid na haibítre dúchasaí seo a shrianadh nó a chosc. Mar sin féin, tháinig an Hangul slán as na hiarrachtaí seo. Inniu, is é an Hangul an t-aon aibítir amháin a úsáidtear sa Chóiré Thuaidh agus i Yanbian, ach bíonn muintir na Cóiré Theas ag baint úsáide as an gcorr-chomhartha Síneach ó am go ham.