An difríocht idir athruithe ar: "An tSeicis"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 133 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q9056 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 34:
San ochtú haois déag, chuir na Seicigh suim nua ina dteanga dhúchais, nuair a tháinig smaointeachas an tSoilsithe go dtí an tSeic. Sa bhliain 1791, d'fhoilsigh Josef Dobrovský a mhórshaothar féin faoi stair na teanga agus a litríochta, ''Geschichte der böhmischen Sprache und Literatur''. Ceannródaí ab ea Dobrovský i stair an léinn Shlavaigh. Cé gur foilsíodh leabhair eile faoi ghramadach na Seicise san am céanna, ba é saothar Dobrovský an ceann ba tábhachtaí acu go léir.
 
Inniu féin, tá gramadach na Seicise liteartha bunaithe ar an gcaighdeánú a rinne Dobrovský. Chuir Dobrovský béim ar leith ar thábhacht an traidisiúin scríbhneoireachta agus ar intuigtheacht na teanga i measc na Slavach eile, agus mar sin, tá cuma iontach seanársa ar an gcaighdeán a chruthaigh sé.
 
I rith na naoú haoise déag, rinneadh an-fhorbairt agus an-fheabhsú ar an tSeicis mar theanga chultúrtha. Sna blianta 1835-1839, chuir Josef Jungmann i dtoll le chéile foclóir mór Gearmáinise-Seicise, agus é ag cumadh na gcéadta focal nua le bheith in ann téarmaí teicneolaíochta na Gearmáinise a aistriú. Faoi lár na naoú haoise déag, bhí téarmaíocht ar fáil sa tSeicis le haghaidh gach sórt eolaíochta, a bheag nó a mhór.
Líne 51:
[[Catagóir:Teangacha na hEorpa]]
[[Catagóir:Poblacht na Seice]]
 
{{Link GA|cs}}