An difríocht idir athruithe ar: "Benazir Bhutto"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 91 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q34413 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 17:
|céile =[[Asif Ali Zardari]]
|}}
Ba pholaiteoir [[An Phacastáin|Pacastánach]] í '''Benazir Bhutto''' ([[Urdais]]: بینظیر بھٹ), a rugadh ar an [[21 Meitheamh]] [[1953]] i g[[Karachi]]. Bhí sí ar an gcéad bhean a toghadh mar cheannaire ar stát Moslamach. Bhí sí ina [[príomhaire]] ar an bPacastáin idir na blianta 1988 agus 1990, agus arís ón mbliain 1993 go 1996. Feallmharaíodh í ar an [[27 Nollaig]], [[2007]] tar éis slógaidh pholaitiúil.<ref>http://news.bbc.co.uk/2/hi/south_asia/7161590.stm</ref>
Bhí a hathair [[Zulfikar Ali Bhutto]] ina phríomhaire ar an bPacastáin freisin sna seachtóidí, sular crochadh é sa bhliain 1979.
 
== A hÓige ==
 
Rugadh í ar 21 Meitheamh 1953. Bhí an-bhaint ag a muintir leis an bpolaitíocht agus seilbh acu ar thailte móra sa tSind. Ba é Zulfikar Alî Bhutto a hathair agus ba í an Béagam Nusrat Ispahani Bhutto, Ioránach, a máthair. Chuaigh sí ar scoileanna Caitliceacha agus bhain amach Meiriceá, áit ar ghnóthaigh sí BA le honóracha in Harvard. In Oxford thug sí faoin bhfealsúnacht, faoin bpolaitíocht agus faoin ngeilleagar, in éineacht le reachtaíocht idirnáisiúnta agus le taidhleoireacht.
 
== A Teaghlach ==
Líne 34:
Chuaigh sí i gceannas ar Pháirtí Phobal na Pacastáine, agus é faoin lánsmacht aici go lá a báis. D'fhill sí abhaile sa bhliain 1986, bhain amach bua sna toghcháin agus chuaigh i réim. (Cailleadh [[Zia ul-Haq]], an ginearál a chroch a hathair, idir an dá linn.) D'éirigh leis an Uachtarán Ghulam Ishaq Khan í a bhriseadh ar shéala na caimiléireachta sa bhliain 1990; i gceann tamaill fógraíodh neamhchiontach í agus tháinig sí i réim arís. Chuaigh sí i bpáirt le polaiteoirí eile agus leis na ginearáil, agus go fiú le Jamiat Ulema-e-lslami, dream coimeádach Ioslamach. D'oir sin don chaidreamh a bhí a rialtas ag iarraidh a dhéanamh leis na Talaban ar maithe le teorainn neamhchorrach agus le comhchaidreamh le tíortha iarShóivéideacha i lár na hÁise.
 
Chuir sí i leith an Uachtaráin Farooq Leghari go raibh baint aige le marú a dearthár Murtaza; chuir cairde Mhurtaza an choir chéanna ina leithse. Briseadh arís í agus chaill a páirtí na toghcháin. Chuaigh sí thar lear ar eagla a naimhde, ach d'fhill nuair a thug an tUachatarán nua [[Pervez Musharraf]] pardún di féin agus dá fear céile. (Bhí an Ginearál Musharraf tar éis teacht i réim mar cheannaire rialtais mhíleata.)
Sa bhliain 2007 a tháinig Benazir Bhutto ar ais, agus an-fháilte roimpi, ach rinneadh ionsuithe uirthi; tháinig sí slán ó ionsaí féinmharaithe a d'fhág 136 duine marbh. D'fhógair an tUachtarán Musharraf toghcháin nua, ach bhí caibidlí deacra aige féin agus ag Benazir Bhutto lena chéile idir an dá linn: coinníodh sa bhaile ar feadh tamaill í.