An difríocht idir athruithe ar: "Bob Dylan"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 86 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q392 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 20:
 
== San ollscoil ==
I [[Meán Fómhair]] [[1959]] thosaigh Zimmerman ag freastal ar [[Ollscoil Minnesota]]. Bhí air bogadh ó [[Minnesota]] go [[Minneapolis]]. Bhog sé freisin ón gceol rac is roll ina raibh suim aige, dhírigh sé isteach ar [[ceol tíre|cheol tíre]] agus mhalartaigh sé a [[giotár|ghiotár]] leictreach do giotár fuaimiúil. Sna nótaí a scríobh Dylan dá albam “Biograph” deir sé go raibh sé níos tógtha leis an gceol tíre ná an rac is roll toisc go raibh ceol tíre níos dáiríre, níos readúla. Dar le Dylan, bhain ceol tíre le bráistintí i bhfad níos doimhne – bhí níos mó éadochais sna hamhráin, níos mó dobróin, agus níos mó caithréime.
 
Sar i bhfad thosaigh sé ag seinm i gcaife gar don Ollscoil darbh ainm “The 10 o’clock Scholar”. Thug sé sin deis do briseadh isteach i gciorcsal ceoil an cheantair.
Líne 36:
Ó Aibreán go Meán Fómhair 1961 sheinn Dylan i gclubanna éagsúla timpeall [[Greenwich Village]]. Tharla roinnt rudaí san am sin a thug níos mó aitheantais phoiblí dó. Ba le linn na tréimhse seo a thosaigh na stáisiúin raidió ag seinm a chuid ceoil. D’fhreastail an léirmheastóir Robert Shelton ó “The New York Times” ar a seó i “Gerde’s Folk City” agus scríobh sé léirmheas dearfach faoi. Chomh maith leis an dá rud sin, fuair Dylan cuireadh ón amhránaí tíre [[Carolyn Hester]] an [[armónach]] a sheinm ar a tríú halbam “Carolyn Hester”. Dhírigh sé seo aird [[John Hammond]], a bhí ag léiriú albam Carolyn do [[Colombia Records]], ar Dylan. Shínigh Dylan conradh le [[Colombia Records]] an Deireadh Fómhair sin.
 
Faraor, níor éirigh go rómhaith leis an gcéad albam a d’eisigh sé ar an lipéad sin. Níor dhíol sé ach 5,000 cóip sa chéad bhliain. Bhí roinnt daoine in Colombia Records den tuairim go raibh botún déanta ag John Hammond agus go mba cóir dó an conradh le Dylan a bhriseadh. Níor ghéill sé, áfach, agus chosain sé Dylan go láidir. Bhí comhghuaillí cumhachtach eile ag Bob Dylan in Colombia Records chomh maith – [[Johnny Cash]].
 
Fad is a bhí Dylan ag obair do Colombia Records, thaifead sé amhráin faoin ainm cleite ‘Blind Boy Grunt’ do “Broadside Magazine” – iris ceoil tíre agus lipéad ceoil.
Líne 44:
I 1965 d'fhill sé ar an gceol leictreach agus bhain úsáid as uirlisí ceoil leictreacha arís.
 
Ach fad is a bhí an clú is an cháil ag méadú, bhí an brú ag méadú freisin. I 1966 gortaíodh Dylan nuair a caitheadh é ó a ghluaisrothar i Nua-Eabhrac agus tar éis na timpiste thóg sé briseadh ón saol poiblí ar feadh bliain go leith.
 
== Saol pearsanta ==