An difríocht idir athruithe ar: "Ferdinand de Saussure"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 65 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q13230 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 2:
 
Ba theangeolaí [[An Eilvéis|Eilvéiseach]] é '''Ferdinand de Saussure''' ([[26 Samhain]] [[1857]] - [[22 Feabhra]] [[1913]]). Rugadh sa [[Ginéiv|Ghinéiv]] é. B’as a chuid smaointe a tháinig bunús na bhforbairtí tábhachtacha sa [[teangeolaíocht]] san [[20ú haois|fhichiú haois]]. Dar lena lán daoine, ba Saussure a bhunaigh teangeolaíocht na fichiú haoise agus an t[[séimeolaíocht]] agus tá an-tionchar ag a chuid smaointe ar na daonnachtaí agus na h[[eolaíocht shóisialta|eolaíochtaí sóisialta]].
== Saol ==
Saolaíodh Ferdinand Mongin de Saussure [[An Ghinéiv|sa Ghinéiv]] sa bhliain [[1857]]. Agus é fós ina óige, ba léir go raibh tallann ar leith agus an-chumas intleachtach aige. I ndiaidh bliain a chaitheamh ag déanamh staidéir ar an [[Laidin]], ar an n[[Gréigis]] agus ar an [[Sanscrait]], i measc ábhair eile, ag Ollscoil Ghinéive, thosaigh sé ag déanamh staidéar iarchéime ag Ollscoil [[Leipzig]] i [[1876]]. Dhá bhliain ina dhiaidh sin agus é 21 bliain d’aois, rinne Saussure staidéar ar feadh bliana i m[[Beirlín]], áit ar scríobh sé an t-aon saothar iomlán a bhí aige, ''Mémoire sur le système primitif des voyelles dans les langues indo-européennes'' (Tráchtas ar Bhun-chóras na nGutaí sna [[Teangacha Ind-Eorpacha]]). D’fhill sé ar Leipzig agus bronnadh céim dhochtúra air sa bhliain [[1880]]. Go luath ina dhiaidh sin, d’aistrigh sé go [[Páras]], mar ar theagasc sé teangacha ársa agus nua. Mhúin sé i bPáras ar feadh aon bhliain déag sular fhill sé ar Ghinéiv i [[1891]]. Thug sé léachtaí ar an Sanscrait agus ar an Ind-Eorpais in Ollscoil Ghinéive go deireadh a shaoil. Níor thosaigh sé ag teagasc Chúrsa na Teangeolaíochta Ginearálta go dtí [[1906]], ábhar ar a ndíreodh sé an chuid is mó dá aird go dtí a bháis sa bhliain [[1913]] i Vufflens-le-Château, VD san Eilvéis.