An difríocht idir athruithe ar: "Gearóid de Barra"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating interwiki links, now provided by Wikidata on d:q2842867
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
[[Íomhá:Siege of Breda.jpg|right|thumb|Léigear Breda 1624. (Jacques Callot a rinne.)]]
Saighdiúir de chuid an [[17ú haois]] ba ea '''Gearóid de Barra''' (d’éag 1647). Rugadh é i g[[Contae Chorcaí]] agus, ar nós a lán fear eile den uaisle [[Caitliceach|Chaitliceach]], chuaigh sé ag saighdiúireacht thar lear. D’fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1641 agus chuaigh i ngleic ann le fórsaí Pharlaimint Shasana, ach ní raibh rath air ina thír féin.
 
== Beatha ==
Fear misniúil ba ea an Barrach agus é an-cleachtach le gnóthaí cogaíochta. Rinne sé seirbhís sa reisimint Éireannach in Arm na Spáinne i bh[[Flóndras]] ar feadh beagnach tríocha bliain agus é ag troid in aghaidh Chúigí Aontaithe na hÍsiltíre. Rinne sé gaisce ag léigear Breda (1624-5). Bhí sé ar dhuine de na seacht gcoirnéal a cuireadh chun na hÉireann i samhradh na bliana 1641 chun saighdiúirí a earcú do Rí na Spáinne. Thóg sé reisimint míle fear a bhí le cur chun farraige ag [[Cionn tSáile]] i gContae Chorcaí, ach dhiúltaigh an rialtas ligean dóibh imeacht. <ref>Wiggins, lch 57.</ref>
 
Líne 15:
Fuair sé bás i Luimneach sa bhliain 1647.<ref>Féach Bellings.</ref>
 
== ''A Discourse of Militarie Discipline'' (1634) ==
 
B'údar míleata é de Barra, agus a lán leabhar ar fáil óna lámh faoi thraenáil agus stiúradh saighdiúirí. Tháinig ''A Discourse of Militarie Discipline'' amach sa bhliain 1634 agus tíolaiceadh é do Dháithí de Barra, Iarla Bharrach Mór. Cuireadh i gcló sa [[An Bhruiséil|Bhruiséil]] é agus é á dhíol ag díoltóirí leabhar Pléimeannacha.
Líne 21:
Cuireann sé síos sa leabhar ar dhualgais na saighdiúirí singile agus na n-oifigeach, ar na bealaí chun iad a eagrú chun cogaidh, agus ar na daingnithe agus na hairm a úsáidtear le haghaidh léigir.
 
Molann sé go mbeadh an caidreamh ceart ag na hoifigigh agus ag a gcuid fear ar a chéile, agus go mbeadh a gceart de dhídean, d’éide agus de bhia ag na fir. B’fhuath leis an easpa smachta a bhí ar shaighdiúirí Spáinneacha agus eile, agus deir sé gur féidir na deacrachtaí seo a shárú “by onely manteyninge their people wel exercised in armes and practice of war, when a regimente dothe marche some times great disorderes are comitted, the Souldiers runninge away from the culores, robinge and spoylinge the country...”.<ref>Luaite in Lawrence, lch 214.</ref>
 
Molann sé go mbeadh eolas ag saighdiúirí ar an stair agus ar an gcomhaireamh, ach nach foláir dóibh i gcónaí a gcuid scileanna saighdiúireachta a chleachtadh.
 
== Nótaí ==
{{reflist}}
== Tagairtí ==
 
* Bellings, Richard (eag. John Thomas Gilbert 1973). ''History of the Irish Confederation and the War in Ireland, 1641-1649''. AMP Press. ISBN 978-040-04404-02840-4
 
* Lawrence, David R. (2009). ''The Complete Soldier: Military Books and Military Culture in Early Stuart England, 1603 – 1645''. Leiden: Brill. ISBN 978-90-04-17079-7