An difríocht idir athruithe ar: "Lance Armstrong"

Content deleted Content added
Legobot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 73 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q2172 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
{{glanadh}}
[[FileÍomhá:Lance Armstrong Tour 2010 team presentation (cropped).jpg|thumb|upright|Lance Armstrong sa bhliain 2010]]
Is rothaí [[SAM|Meiriceánach]] é '''Lance Armstrong''' a rugadh sa bhliain 1971. D'admhaigh sé sa bhliain 2013 gur ghlac sé manglam drugaí le [[Tour de France]] a bhuachan 7 n-uaire as a chéile i measc rásaí eile a bhuachan. Is i ndhá agallamh ar an gclár teilifíse Meiriceáanch [[Oprah Winfrey]] a rinne sé an adhmháil seo go raibh drugaí glactha aige leis na rásaí a bhuachan. Dúirt sé gur 2005 an bhliain dheirneach gur bhain sé úsáid as na drugaí seo a bhí i gcoinne rialacha an spóirt. Cuireadh cosc saoil air ag éirí as tuairisc USADA (''United States Anti-Doping Agency''). Tá Lance féin den tuairim go bhfuil sé seo ródhain ar fad air agus ceapann sé nach mbeidh sé in ann rith i maratóin, nó rás 10km áitiúil. Dar le roinnt d'adhmhaigh sé ag an bpointe sin toisc go raibh [[reacht na dtréimhsí]] istigh don chaimiléireacht chomh fada le 2005. Baineadh na buanna sa Tour de France uaidh, thréig a chuir urraithe é agus baineadh an bonn créumha a bhuaigh sé sna [[cluichí Oilimpeacha]] i mbliain an [[2000]]. Iarradh air seasamh siar ón mbord don charthanacht ailse [[Livestrong]] sa bhliain [[2012]]. Bhí sé go naimhdeach i gcoinne na ndaoine a dúirt go raibh smál na ndrugaí air [[David Walsh]] agus [[Paul Kimmage]] ach go háirithe.
 
== Feachtas dópála ==
I measc na ndrugaí a d'adhmhaigh sé gur úsáid sé tá; [[eiritreapóéisin]], [[téististéarón]], [[cortacaistéaóidigh]], agus [[fuilaistrithe]] le cabhrú leis tuilleadh fuinnimh a bheith aige agus ábaltacht ocsaigin a chur timpeall a cholainne níos eifeachtúla.
 
== Colainn Lance ==
Dar leis an [[National Geographic]] tá [[tomhaltas uasta ocsaigine]] fíor ard ag Lance. An meán leibhéal a bheadh ag duine nach gcleachtann spórt ná 35 ml/kg/nóim. 70 ml/kg/nóim a bheadh ag lúthchleasaithe profaisiúnta, agus 85 ml/kg/nóim a bhí ag Lance Armstrong. Chomh maith leis sin tá sé in ann aigéad lactach a ghlanadh óna cholainn an-mhear agus ní tháirgeann sé ach thart ar leath an gnáthmhéid. Is cosúil chomh maith gur éirigh leis an líon [[snáithíní matáin mearbhíogacha]] i gcomórtas le cinn mhallbhíogacha a athrú.
 
== Clár Oprah ==
Ráitis:
:''"That’s like saying we have to have air in our tyres or water in our bottles. It was part of the job."''
Líne 19:
 
{{DEFAULTSORT:Armstrong, Lance}}
[[catagóirCatagóir:Rothaithe Meiriceánacha]]
[[catagóirCatagóir:Caimiléirí spóirt]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1971]]