An difríocht idir athruithe ar: "Innealtóireacht ghéiniteach"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Láimhseáil is athchóiriú ábhair ghéinitigh trí theicníochtaí fisiciúla, ceimiceacha is bitheolaíocha, chun tréithe dúchasacha a athrú. Tugtar ''géinsplad...'
 
cata7rl
Líne 1:
[[Íomhá:PCWmice1.jpg|300px|mionsamhail|deas|Luch géin ar lár]]
Láimhseáil is athchóiriú ábhair ghéinitigh trí theicníochtaí fisiciúla, ceimiceacha is bitheolaíocha, chun tréithe dúchasacha a athrú. Tugtar ''géinspladhsáil'' is ''[[teicneolaíocht]] [[Aigéad dí-ocsairibeanúicléasach|DNA]] athchuingrigh'' uirthi freisin. A luaithe is a bhí an [[cód géiniteach]] ar eolas, tosaíodh ar shlite a shaothrú chun an cód a athrú is na géinte a bheartú. San [[innealtóireacht]] DNA athchuingrigh, baintear feidhm as einséimí ar leith chun géin de chuid orgánaigh amháin a ghearradh amach is a spladhsáil isteach in [[orgánach]] eile. Ansin feidhmíonn an t-orgánach faighteora chun treoracha na géine nua a chur i gcrích. Is ceist bhunúsach eitice is fealsúnachta í an cumas nua seo ag daoine cur isteach ar na próisis dhúchasacha agus struchtúr géiniteach ár ngné féin, fiú, a athrú. Tá an-chuid [[taighde]] ar siúl i ngéinteiripe, ina gcuirtear géinte leis an eolas ceart isteach i gcealla ina bhfuil géinte máchaileacha, mar shampla le géinghunna, nó a gcuirtear isteach géinte nua a threoraíonn déanamh ábhar frithghalrach. Tá an obair seo ag a tús fós. Mar thoradh ar innealtóireacht ghéiniteach, tá feabhas curtha ar bharra is stoc, déantar córacha leighis i miocrorgánaigh, agus is féidir daoine a thástáil féachaint an bhfuil galair dhúchasacha acu.
 
{{Fréamh an Eolais}}
{{síol}}
 
[[Catagóir:Innealtóireacht ghéiniteach| ]]
[[Catagóir:Biteicneolaíocht]]