An difríocht idir athruithe ar: "Pápa Pius XII"

Content deleted Content added
Legobot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 1 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q2604 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 14:
Síniú=Signature of Pope Pius XII.svg
}}
Bhí '''Pius XII''' ina cheannaire ar an [[Eaglais Chaitliceach]] ó 1938 tar éis bháis Pius XI go dtí 1958. Chaith sé a shaol i seirbhí láirneach na hEaglaise, ag caitheamh tréimhsí mar Nuntius don Bhaváir i [[München]], don Ghearmáin i m[[Beirlín]] agus ina Chairdinéal Rúnaí Stáit ('príomh-aire na hEaglaise').
 
Rugadh Eugenio Maria Giuseppe Giovanni Pacelli sa Róimh ar 2 Márta 1876 de shíol uasail. Ba é an Rómhánach deireannach ar togadh mar Easpag na Róimhe. Oirníodh ina shagart é sa bhliain 1899 agus fuair sé doctúireacht sa bhliain 1901. Bhí sé ag obair i Rúnaíocht Stáit ó shin amach tar éis dó staidéar agus taighde a dhéanamh ar Eaglais agus Stáit.
 
Coiscríodh ina easpag é ar 13 Deireadh Fómhair 1917 agus seoladh é chun München mar Nuntius Aspalda an Phápa don Baváir. Ag an am, bíodh Nuntius faoi leith ag an mBaváir scoilte ón Nuntius i mBeirlín. Cuireadh chun Beirlín é sa bhliain 1925. Cé go raibh an Iodáil i gcoinne na Gearmáine sa Chéad Chogadh Domhanda nuair a cuireadh an Ardeaspag Pacelli chun na Baváire sa bhliain 1917, d'fhás mór-chion idir é agus muintir na Gearmáine agus ba ghnáth leis Gearmáinis ag labhairt go príomháideach go dtí a laethanta deireannacha.
 
Rinneadh cairdinéal dó sa bhliain 1929 agus ceapadh ina Rúnaí Stáit é ag Pius XI sa bhliain 1930. Bhí lámh mór aige sa Choncordat idir an Vatacáin agus [[an Ghearmáin]] sa bhliain 1933 tar éis dó [[Adolf Hitler]] teacht i gcumhacht ansin. Tar éis an Concordat a bheith sínithe, bhí an-chuid scéalta ag an Eaglais faoi shárú an Choncordat ag na Naitsithe. Sheol Pius XI an tréadlitir ''Mit brennender Sorge'' chuig muintir na Gearmáine ina chuir i gcoinne gníomharta agus fealsúnacht na Naitsithe. Bhí lámh ag an Cairdinéal Pacelli i scríobh an tréadlitir.
 
[[Íomhá:Pius_12_coa.svg|thumb|140px|left|Armas]]
Togadh mar phápa é ar 2 Márta 1938 agus bhí sé ina phápa le linn an Dara Cogadh Domhanda. Cé go bhfuil an-chuid scríobhtha i gcoinne polasaithe Pius i leith an Ghearmáin, ag an am athníodh é mar an t-aon guth a bhí á chloisteáil san Eoraip. Ar ndóigh, cheap roinnt daoine gur imigh sé thar fóir. Tar éis an Chogaidh, bhí sé an-láidir i gcoinne an Chumannachais agus d'fhás na hionsaithe air ó shin i leith.
 
Bhí bá aige i ndiagacht i gcónaí agus scríobh sé tréadlitreacha tábhachta tar éis an Chogaidh: ''Humani Generis'', á dheileáil le teoiricí Darwin sa bhliain 1950, mar shampla. Scaoil ''Divino Afflante Spiritu'' scoláirí scrioptúir sa bhliain 1943. Sa bhliain 1950, d'fhógáir sé Deasghabháil Mhuire i neamh mar dhogma na hEaglaise.
 
Bhí dhroch-shláinte ag Pius XII ar feadh i bhfad agus fuair sé bás i gCastel Gandolfo ar 9 Deireadh Fómhair 1958.
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.pacelli-edition.de/ Critical Online Edition of the Nuncial Reports of Eugenio Pacelli (1917–1929)]
 
 
[[Catagóir:Pápaí Iodálacha|Pius XII]]