An difríocht idir athruithe ar: "Adonis (file)"
Content deleted Content added
m Bot: Fixing redirects |
|||
Líne 3:
| íomhá =
| ceannteideal =
| dáta_breithe = [[1 Eanáir (Lá Caille)|1 Eanáir]], [[1930]]
| áit_bhreithe = [[Al Qassabin]], [[an tSiria]]
| dáta_báis =
Líne 17:
}}
File [[An Araibis|Araibise]]
== A Shaol ==
Feirmeoir a bhí in athair Adonis, agus an mac ag obair sna páirceanna ó bhí sé ina bhrín óg. Alabhaítigh ab ea muintir Adonis, is é sin, bhí baint acu le seict bheag Shítheach nach nglacann cuid mhór de na [[Moslamach Sunnaíoch|Muslamaigh Shunnacha]] léi mar chuid den [[An tIoslam|Ioslam]] a thuilleadh. Bhí luiteamas ag athair an bhuachalla le filíocht, agus thugadh sé ar a mhac dánta a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Thosaigh Adonis ag cumadh dánta dá chuid féin go luath, agus nuair a bhí sé seacht mbliana déag d'aois, fuair sé deis ceann acu a aithris d'Uachtarán na Siria, [[Shukri al-Kuwaiti]]. Thabhaigh sin scoláireachtaí dóibh a cheadaigh dó staidéar a dhéanamh sa mheánscoil áitiúil i Latakia, agus ina dhiaidh sin, in Ollscoil na Damaisce, áit ar bhain sé amach céim san [[fealsúnacht|fhealsúnacht]] sa bhliain 1954.
Deirtear go minic gurbh é Antun Saadeh, ceannaire Pháirtí Shóisialta Náisiúnaíoch na Siria, a bhronn an leasainm sin "Adonis" ar mo dhuine, ach ní mar sin a bhí. Le fírinne, bhí ag teip ar an bhfile a chuid scríbhinní a fhoilsiú sna hirisí Siriacha faoina ainm féin, agus sa deireadh, thosaigh sé ag síniú a chuid scríbhinní mar "Adonis", ainm a chuidigh leis a chuid ábhair a chur i gcló. Sa bhliain 1955, chaith Adonis leathbhliain i dtóin phríosúin, nuair a chuaigh géarleanúint ar bhaill an Pháirtí Shóisialta Náisiúnaíoch. I ndiaidh na príosúnachta, chuaigh Adonis ar imirce go dtí an Liobáin, áit ar bhunaigh sé iris filíochta, ''Majallat Shir'', in éineacht le file eile Siriach-Liobánach, Yusuf al-Khal. Bhí a lán daoine míshásta leis an [[litríocht|scríbhneoireacht]] nua-aimseartha thurgnamhach a d'fheicfeá ar an iris, agus sa bhliain 1964, tháinig deireadh léi. Trí bliana ina dhiaidh sin, d'athbheoigh lucht a heagarthóireachta í, ach níor fhill Adonis ar an iris. Bhí fóraim eile ag Adonis cheana féin lena chuid scríbhneoireachta a fhoilsiú, cosúil leis an nuachtán Liobánach ''Lisan al-Hal'' agus, ina dhiaidh sin, iris nua filíochta a bhunaigh sé sa bhliain 1968, ''Mawaqif''. Ba iad an dá réalt eolais a bhí aige ina chuid scríbhneoireachta ná an náisiúnachas pan-Arabach agus spioradáltacht mhisteach an Ioslaim, is é sin, an [[Súfachas]]. Bhí sé ina cheannródaí don Nua-Shúfachas a chuaigh chun coitiantachta i bhfilíocht na hAraibise ó na seachtóidí ar aghaidh.
|