An difríocht idir athruithe ar: "An Aramais"

Content deleted Content added
m Robot: en:Aramaic language is a former featured article; athruithe cosmaideacha
m Bot: Fixing redirects
Líne 13:
|macratheanga=is ea}}
 
[[Teanga (cumarsáid)|Teanga]] [[Teangacha Seimíteacha|Sheimíteach]] is ea í an '''Aramais''' a dtéann a stair trí mhíle bliain siar. I rith na staire seo, bhí úsáid á baint as an Aramais mar theanga oifigiúil in impireachtaí agus mar theanga naofa i reiligiúin éagsúla. Cé go bhfuil an chuid is mó den tSean-Tiomna scríofa as Eabhrais, breacadh cuid mhór de leabhartha [[Dainéil]] agus [[Eazrá]] síos sa teanga seo. Creidtear gurbh í an Aramais a bhí á labhairt ag [[Íosa Críost]] féin ó dhúchas, nó san am sin, bhí sí tagtha in áit na h[[An Eabhrais|Eabhraise]]e mar phríomhtheanga labhartha sa [[An Phalaistín|Phalaistín]]. Úsáidtear Aramais sa [[An Talmúd|Talmúd]] freisin.
 
== Scaipeachán na hAramaise ==
 
I rith an dara haois déag r.Ch., thosaigh lucht labhartha na hAramaise ag socrú síos go forleathan áit a bhfuil [[an tSiria]], [[an Iaráic]] agus oirthear na [[An Tuirc|Tuirce]] inniu. De réir mar a bhí an teanga ag dul chun tábhachta, chuaigh sí in úsáid ar fud chósta na [[An Mheánmhuir|Meánmhuire]] sa [[An Leiveant|Leiveant]], agus í ag éirí coitianta lastoir d'Abhainn Tigris féin. Thug coilínigh [[An Giúdachas|Ghiúdacha]] an teanga leo go dtí [[an Afraic Thuaidh]] agus [[an Eoraip]], agus leis na misinéirí Críostaí, shroich an Aramais tíortha chomh fada thoir leis an b[[An PheirsIaráin|Peirs]], [[an India]], agus [[an tSín]] féin. Ón seachtú haois i ndiaidh bhreith Chríost ar aghaidh, chuaigh an [[An Araibis|Araibis]] in áit na hAramaise mar [[francbhéarla|fhrancbhéarla]] ar fud an Mheán-Oirthir. Mar sin féin, fanann an Aramais beo breabhsánta i measc na nGiúdach, na [[Mandaechas|Mandaech]] agus dreamanna áirithe de Chríostaithe mar theanga liteartha agus sna deasghnátha, agus í á labhairt i bpobail bheaga scoite ar fud na gcríoch ina raibh sí ina príomhtheanga fadó. Na trioblóidí atá ag luí ar an Meán-Oirthear le dhá chéad bliain anuas, scaip siad cainteoirí dúchais Aramaise agus daoine a shaothraíonn an teanga sa litríocht ar fud an domhain.
 
== Canúintí ==
Líne 25:
== Córas Scríbhneoireachta na hAramaise ==
 
An chéad [[aibítir]] a cuireadh i bhfeidhm ar an Aramais, b'í an [[aibítir Fhéiniceach]] í. I rith na mblianta, d'fhorbair lucht labhartha na teanga a leagan féin den aibítir seo, a raibh cuma chearnógach air. Ghlac na h[[Iosrael]]aigh sheanársa leis an gcóras seo agus iad ag tosú is ag scríobh a dteanga féin, mar atá, an [[An Eabhrais|Eabhrais]]. Sin é an tuige gur leis an Eabhrais is mó a shamhlaítear an stíl áirithe seo, agus go dtugtar "[[aibítir Eabhraise]]" uirthi, cé gur aibítir Aramaise a bhí ann ar dtús. Sna sleachtanna den [[An Bíobla|Bhíobla]] atá scríofa as Aramais, úsáidtear an aibítir seo, cosúil leis an gcuid eile den t[[An Sean-Tiomna|Sean-Tiomna]].
 
 
B'iad na pobail [[CríostaíochtAn Chríostaíocht|Chríostaí]] a d'fhorbair an príomhchóras scríbhneoireachta eile don Aramais, is é sin, an [[aibítir Shiriceach]]. Stíl cineál iodálda atá ann. Breathnaíonn sí mar a bheadh sí idir eatarthu idir an aibítir Eabhraise agus an [[aibítir Arabach]].
 
Lenár linn féin, baineadh úsáid as an [[aibítir Laidineach]] leis an gcanúint Suroyo, ar ceann de na canúintí Nua-Aramaise í, a bhreacadh síos.
Líne 73:
* Leabhar [[Dhainéil]]
* Leabhar [[Eazrá]]
* [[An Talmúd|An Talmud]]
* [[An Midrash]]