An difríocht idir athruithe ar: "An Fhionlainn"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
m Bot: Fixing redirects
Líne 10:
|príomhchathair = [[Heilsincí]] |dnlc=60|dnln=10|dnlNS=N|dnfc=24|dnfn=56|dnfEW=E|dnlNSgael=Thuaidh|dnfEWgael=Thoir
|cathair_is_mó=[[Heilsincí]]
|teangacha_oifigiúla=[[An Fhionlainnis|Fionlainnis]], [[An tSualainnis|Sualainnis]]
|cineál_rialtais=[[Poblacht]]
|teidil_na_gceannairí=[[Liosta Uachtaráin na Fionlainne|Uachtarán]]<br />[[Príomh-Aire|Príomh-aire]]
|ainmneacha_na_gceannairí=[[Sauli Niinistö]]<br />[[Jyrki Katainen]]
|cineál_ardcheannais=[[Neamhspleáchas]]
Líne 43:
|fonótaí=<small>(1) Roimh [[1999]]: an [[markka]]</small>
}}
Is tír Nordach í '''an Fhionlainn''' ([[An Fhionlainnis|Fionlainnis]]: ''Suomi'', [[An tSualainnis|Sualainnis]]: ''Finland'') nó '''Poblacht na Fionlainne''', mar a thugtar uirthi go hoifigiúil. Tá sí suite i dtuaisceart na h[[an Eoraip|Eorpa]], idir [[an tSualainn]] agus Murascaill Bhotnia ar an taobh thiar, agus [[an Rúis]] ar an taobh thoir. Ar an taobh ó thuaidh di tá tuaisceart [[an Iorua|na hIorua]], agus ó dheas tá [[Murascaill na Fionlainne]].
 
== Daoine ==
Tá 5.211 milliún duine sa tír, tuairim is 556,330 acu i gcathair [[Heilsincí]] agus 1.2 milliún sa mhórchathair. Is í [[Túrcú]] in iardheisceart na tíre an dara cathair is mó, agus ba í príomhchathair na tíre í go dtí go ndearna dóiteán mór léirscrios air i dtús na naoú haoise déag. B'ansin a aistríodh an phríomhchathair go Heilsincí.
Labhraíonn 93% den daonra [[An Fhionlainnis|Fionlannais]], teanga nach mbaineann leis an ngrúpa Ind-Eorpach. Ceann de na [[teangacha Finne-Úgracha]] í. Tá [[An tSualainnis|Sualainnis]] ó dhúchas ag 6% de dhaonra na tíre, agus de ghnáth ní mheastar gur de náisiún eile ''Sualannaigh na Fionlainne'', mar a thugtar orthu. Labhraíonn na Sami nó na Laplaigh teanga Fhinn-Úgrach dá gcuid féin.
Meastar go bhfuil aon [[sabhna|sauna]] amháin ann de réir gach triúir sa tír, agus is gnách sauna a bheith i ngach teach nó árasán. Tá tithe saoire ag go leor daoine, go minic sna ceantair cois locha in oirthear na tíre. Tá caighdeán an-ard maireachtála sa tír, agus áirítear córas [[oideachas|oideachais]] na Fionlainne ar an gceann is fearr ar domhan. Tá [[ríomhaire|ríomhairí]] pearsanta ag 64% de na teaghlaigh, agus ceangal Idirlín ag 51%. Tá [[guthánfón soghluaistepóca|gutháin phócaí]] ag 95% de na teaghlaigh.
 
== Caitheamh Aimsire ==
Líne 56:
 
== Creideamh ==
Baill den Eaglais Liútaránach is ea 85.1% den daonra de réir uimhreacha na bliana 2000. Baineann thart faoi 1% leis an Eaglais [[Ceartcreidmheachas|Cheartchreidmheach]]. Baineann fíorbheagán le heaglaisí éagsúla [[An Protastúnachas|Protastúnacha]] eile agus leis an g[[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Caitliceachas]], agus níl aon cheangal eaglasta ag 9%.
 
Baineann an chuid is mó de mhuintir na Fionlainne leis an Eaglais Liútaránach. Cuid mhór acu, ní thaobhaíonn siad aon teach pobail ach amháin le féilte móra na bliana a cheiliúradh. Na daoine atá gníomhach san Eaglais, bíonn baint ag a bhformhór le ceann de na gluaiseachtaí athbheochana taobh istigh den Eaglais. Bíonn difríochtaí nach beag idir na gluaiseachtaí seo, agus is ábhar iontais do go leor Fionlannaigh go bhféadfaidís treabhadh le chéile in aon eaglais amháin. Is iad lucht an Chráifeachais, nó Lucht na hAthmhúscailte, an ghluaiseacht is cóngaraí do phríomhshruth na hEaglaise, agus is ar éigean ar féidir iad a aithint mar "lucht creidimh" thar an ngnáth-Fhionlannach nach bhfuil suim aige i gcúrsaí creidimh. Níl siad róchosúil le lucht leanúna Laestadius, ar ghrúpa an-dian iad i gcleachtadh an chreidimh. Gluaiseacht iad lucht leanúna Laestadius atá bunaithe i dtuaisceart na tíre, chomh maith le ceantair thuaisceartacha na Sualainne agus na hIorua. Ainmníodh an ghluaiseacht as Lars Levi Laestadius, eolaí agus ministéir, a chuir go tréan in aghaidh an ólacháin sna ceantair thuaisceartacha agus i measc na Laplannach. Inniu féin, déanann na Laestaidiaigh a ndícheall le hólachán, comhriachtain roimh phósadh agus frithghiniúint a sheachaint. Mar sin, bíonn teaghlaigh móra acu.
Líne 70:
{{glanadh-mar|Ní mór an chuid seo a athscríobh go hiomlán}}
 
Bhí an tír faoi smacht na [[an tSualainn|Sualainne]] ar feadh beagnach 700 blian ón mbliain [[1154]]. Thosaigh sé seo nuair a thug [[Rí Eric na Sualainne]] an [[CríostaíochtAn Chríostaíocht|Chríostaíocht]] isteach sa tír. Chuaigh an tSualannais ar aghaidh mar theanga cheannais de réir a chéile, ach tháinig [[An Fhionlainnis|Fionlannais]] i réim arís sa [[19ú hAois]], le borradh an náisiúnachais Fhionlannaigh a tháinig ar aghaidh nuair a scríobhadh síos eipic náisiúnta na tíre, an [[Kalevala]].
 
Bhí cogadh idir an tSualainn agus an Rúis faoin [[Alastair I na Rúise|Sár Alastair I]], a d'fhág an tír i lámha [[an Rúis|na Rúise]] ó 1809 ar aghaidh, agus ceapadh ina hArd-Diúiceacht fhéinrialaithe í i [[1812]].
 
Ba faoin impireacht Rúiseach a d’fhan an tír go dtí [[Réabhlóid na Rúise 1917|Réabhlóid na Rúise]], nuair a d’fhógair na Fionlannaigh neamhspleáchas i [[6 Nollaig|Nollaig 6ú]] [[1917]].
 
Lean cogadh cathartha gearr fuilteach é sin i 1918, rud a d'fhág a rian ar an bpolaitíocht áitiúil ar feadh na mblianta. I rith an [[An Dara Cogadh Domhanda|Dara Chogaidh Dhomhanda]], throid an Fhionlainn i gcoinne an Aontais Sóibhéidigh dhá uair: i rith [[Cogadh an Gheimhridh|Chogaidh an Gheimhridh]] (1939-1940) agus ansin ó 1941 go 1944 sa [[Cogadh a Lean|Chogadh a Lean]]. Lean an Cogadh Lappach é seo(1944-1945), nuair a throid an Fhionlainn i gcoinne Ghearmáin na Naizithe.
 
I gconartha a síníodh i [[1947]] agus i [[1948]] leis [[an tAontas SóibhéideachSóivéadach|an Aontas Sóibhéideach]], bhí dualgais agus srianta ar an bhFionlainn maidir leis an [[Aontas na bPoblachtAn SóibhéadaightAontas SóisialachSóivéadach|A.P.S.S.]], agus b'éigean don Fhionlainn talamh a thabhairt suas don [[an Rúis|Rúis]]. (Féach: [[YYA|An Conradh um Chaidreamh Cairdiúil, Chomhoibriú, agus Chomhchuidiú]].)
 
Mar gheall ar bhriseadh suas an [[AontasAn natAontas bPoblacht Sóibhéadaigh SóisialachSóivéadach|Aontais Sóibhéidigh]] i [[1991]], bhí an Fhionlainn in ann a rogha féin a dhéanamh, agus chuaigh an tír isteach san [[anAn AontastAontas Eorpach|Aontas Eorpach]] i [[1995]].
 
== Réigiún ==