An difríocht idir athruithe ar: "An Traí"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
m Bot: Fixing redirects
Líne 1:
[[Íomhá:Troy1.jpg|thumb|300px|Ballaí na Traí ó aimsir Chogadh na Traoi]]
Is cathair í '''An Traoi''' ([[An Ghréigis|Gréigis]]: Τροία, ''Troia'', nó Ίλιον, ''Ilion'' freisin; [[An Laidin|Laidin]]: ''Troia'', ''Ilium'', [[An Tuircis|Tuircis]]: ''Truva'') agus suíomh Chogadh na Traoi, mar a tugadh cuntas air san ''[[Iliad|Íliad]]'', ceann den dá eipic a luaitear le [[Hóiméar]]. ''Traígh'' a thugtar ar lucht cónaithe na cathrach.
 
De réir mar a deir Hóiméir, scriosadh an chathair i ndeireadh an chogaidh tar éis do na Traígh capall adhmaid, deis a cheap na Gréagaigh, a ligean isteach sa chathair. Tá tagairtí i saothair seachas san Íliad don eachtra: san [[An Odaisé|Odaisé]] (eipic eile le Hóiméir), mar shampla. Chuir staraithe Gréagacha dátaí difriúla leis an gcogadh, idir an dóú is an ceathrú haois déag RCh.
Líne 6:
Chreid na Sean-Ghréagaigh is na Rómhánaigh gur chogadh stairiúil é Cogadh na Traoi. Rinne [[Veirgil]], file mór Rómhánach, mionléiriú ar fhinscéal Hóiméir san [[An Aeinéid|Aeinéid]]. Thug [[Alastar Mór]] cuairt ar an suíomh sa bhliain [[334 RC]] agus d'ofráil sé íobairtí ag tuamaí [[Aichill]] agus [[Patraclas]], laochra Hóiméaracha.
 
Bhunaigh an tImpire [[Ágastas]] cathair nua ann, agus rath uirthi go dtí gur bunaíodh [[Iostanbúl|Cathair Chonstaintín]]. Tháinig meath uirthi de réir a chéile.
 
Sna [[1870í]] chuaigh [[Heinrich Schliemann]], seandálaí [[An Ghearmáin|Gearmánach]], i mbun tochailte san áit. Nochtadh iarsmaí roinnt cathracha a tógadh i ndiaidh a chéile. D'fhógair Schliemann go raibh an fhíor-Thraí aimsithe aige, ach meastar anois gurb í Traí VII, ceann de na cathracha is luaithe, atá i gceist ag Hóiméir.